Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe – Ticéid ar díol anois!
Tá na ticéid ar díol anois do Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe a bheidh ar siúl ag 9.00p.m, Dé Máirt, 15 Márta 2016, sa Róisín Dubh, Sráid Dhoiminic Íochtarach, Gaillimh, mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.
Tá éagsúlacht mhór scannán á dtaispeáint i mbliana, lena n-áirítear scannáin ghrinn, cláir faisnéise agus drámaíocht. Mar ghné speisialta don ócáid áirithe seo tháinig roinnt criúnna le chéile chun radhairc cháiliúla ó shraitheanna teilifíse a athchruthú as Gaeilge, ina measc Breaking Bad agus Daredevil! Taispeánfar freisin clár faisnéise leis an staraí Cormac Ó Comhraí faoi stair Halla na Cathrach, Gaillimh.
Is as Gaillimh iad formhór na scannánóirí a bheidh ag cur a gcuid saothar i láthair ar an oíche. Beidh 8-10 scannán, idir 2 agus 10 nóiméad an ceann, á dtaispeáint le linn na hócáide agus is do Sheachtain na Gaeilge go sonrach a rinneadh a bhformhór. Tá an oíche á reáchtáil ag Little Cinema i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge.
Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, go raibh ríméad air go raibh borradh tagtha ar líon na scannánóirí a léirigh spéis sa togra i mbliana.
“Is trí chomhpháirtíochtaí ar nós na hoibre atá ar bun againn le Little Cinema agus Conradh na Gaeilge a chruthóidh muid tuilleadh deiseanna d’ealaíontóirí na Gaeilge a gcuid saothar a chur os comhair an tsaoil, i measc cainteoirí Gaeilge agus i measc an phobail i gcoitinne”, a dúirt sé.
Osclófar na doirse sa Róisín Dubh oíche Dé Máirt 15 Márta 2016 ag 9.00 in. Tá ticéid ar fáil roimh ré ar €4 ó Ticket Tailor ag https://www.tickettailor.com/checkout/view-event/id/48471/chk/f50f nó ar €5 ag an doras. Tuilleadh sonraí ar facebook agus twitter https://www.facebook.com/events/918239178296833/
Tuilleadh Eolais: Majella Ní Chríocháin
Oifigeach Imeachtaí agus Forbairt Freastail
An tOireachtas
087 9776852
majella@antoireachtas.ie