D’fhógair an tOireachtas inniu (14 Meán Fómhair 2017) go bhfuil siad chun síneadh ama deich (10) lá a chur le spriocdháta iontrála na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna. Tá go dtí Dé Luain, 25 Meán Fómhair ag iomaitheoirí le hiontráil a dhéanamh.
Daichead a haon (41) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche haon (21) acu i rannóg na ndaoine óga agus fiche (20) acu i rannóg na ndaoine fásta. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht, dreas cainte, uirlisí ceoil agus eile.
“Táimid ag iarraidh ar mhúinteoirí scoile, ar thuismitheoirí, ar chairde agus eile daoine óga a spreagadh le páirt a ghlacadh sna réimse leathan comórtais atá ar fáil don iomaitheoir óig”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá dul chun cinn suntasach tagtha ar chomórtais na ndaoine óga le himeacht na mblianta agus táimid ag iarraidh tógáil ar sin arís i mbliana, go háirithe agus clár beo teilifíse nua, Lár Stáitse, á chraoladh ar TG4 a bheidh dírithe ar thaibhealíona béil i measc na ndaoine óga”, a dúirt sé.
Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh an Fhéile ar siúl i mbliana ó 1-5 Samhain. Tá clár imeachtaí na féile ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais ag: Imeachtaí na Féile. Beidh uasdátú á dhéanamh ar an suíomh as seo go dtí aimsir na Féile.
Is féidir d’iarratas a sheoladh isteach chugainn ar líne ag www.antoireachtas.ie nó é a sheoladh chuig: Comórtais Ardáin 2017, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 4753857 | louise@antoireachtas.ie