Déardaoin 12 Deireadh Fómhair tiocfaidh lucht na Gaeilge agus lucht na n-ealaíon le céile sa Charn, Carn Tóchair i gCo. Dhoire le deiseanna leis na healaíona trí Ghaeilge a chur chun chinn ó Thuaidh a phlé. Tá Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil na hócáide seo i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon ó Thuaidh agus le Foras na Gaeilge, agus mar a mhínigh Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí an Oireachtais:
‘D’eascair seo as plé a tharla idir muid féin, An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge faoi cén chaoi is fearr leis na healaíona Gaeilge a fhorbairt sa Tuaisceart. D’aontaigh muid gur cóir deis a thabhairt d’eagrais agus d’Oifigigh Ghaeilge, agus d’eagrais ealaíon nach eagrais Ghaeilge iad, teacht le céile agus samplaí de thograí ealaíon Gaeilge d’ard chaighdeán a chur os a gcomhar. Labhróidh an fhís-ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin faoi thogra ealaíon pobal inar phléigh sí tábhacht na Gaeilge do phobal beag tuaithe. Taispeánfaidh an chóiréagrafaí Ríonach Ní Néill a gearrscannán ‘Faoi Rún – Incognito’ faoi mhná sna 60aidí, 70aidí agus 80aidí a thóg a gcuid gasúr le Gaeilge, agus faoin gcaoi a bhaineann sí leas as a saothar ealaíon leis an nGaeilge a chur chun chinn. Is é teideal an cur i láthair a dhéanfaidh an file agus ceoltóir Marcus Mac Conghail ná ‘Buail Aríst Mé – Dé hÍde agus an Dúitseach.’
Maidir le hardán a thabhairt do na healaíona Gaeilge, labhróidh Aisling Ní Labhraí ón gCultúrlann i mBéal Feirste faoi ról na n-ionad; cuirfidh Rossa Ó Snodaigh (KILA, agus bunaitheoir An Puball Gaeilge ag an Electric Picnic) síos ar na deiseanna maidir le himeachtaí Gaeilge a chur ar chlár féilte ealaíon; agus pléifidh an t-amhránaí agus ceoltóir Dermott Mulholland na deacrachtaí a bhaineann le lucht féachana a fhorbairt do na healaíona i gceantair thuaithe.’
Seo mar a labhair Edel Ní Chorráin, Leas-Phríomhfheimeannach Foras na Gaeilge faoin ócáid:
‘Is deis iontach í an lá seo atá eagraithe ag Oireachtas na Gaeilge dhá ghné de chuid chultúr na hÉireann a chur chun cinn le chéile, an Ghaeilge agus na healaíona. Tá muid thar a bheith sásta a bheith páirteach sa chéad ócáid den chineál seo ó thuaidh agus tá súil againn go mbeidh deiseanna eile ann amach anseo tionscadail eile a dhéanamh agus An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge ag obair le chéile.’
Is i nGaeilge a ndéanfar na cuir i láthair uile agus beidh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh an tAonach ar siúil ó 10:30 go 3:30pm agus is féidir ticéad saor in aisce a chur in áirithint ag https://www.eventbrite.com/e/aonach-na-nealaion-arts-fair-tickets-37843393609?aff=es2. Cuirfear lón saor in aisce ar fáil freisin agus beidh deis ag daoine eolas faoin a gcuid eagras a roinnt le rannpháirtithe eile ag am lóin.
Níor reáchtáladh a leithead riamh cheana agus tá súil ag an Oireachtas, ag an gComhairle Ealaíon agus ag Foras na Gaeilge go nglacfaidh daoine páirt san Aonach agus go n-eascróidh tionscadail eile ealaíon as.
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin | Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail | 087 977 6852 | majella@antoireachtas.ie