D’fhógair an tOireachtas inniu (Dé Céadaoin, 29 Márta 2017) Clár na gComórtas Liteartha 2017. Fiche seacht (27) comórtas atá ar chlár na bliana seo – seacht déag (17) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus deich gcinn (10) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don teilifís), dráma, agallamh beirte agus eile.
“Bliain i ndiaidh bliana, tugann ard-chaighdeán na n-iarratas ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais ardú meanma dúinn agus táimid ag súil le scoth na nua-scríbhneoireachta a fheiceáil arís i 2017,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá scríbhneoirí cumasacha, ardcruthaitheacha ag soláthar ábhar léitheoireacht Gaeilge i gcónaí agus tugann na comórtais liteartha spreagadh do scríbhneoirí seanbhunaithe, do scríbhneoirí úra agus don ghlúin óg leanúint lena ar aghaidh go muiníneach lena saothar,” a dúirt sé.
Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ar an bhfód ón mbliain 1897 agus tugann siad aitheantas agus ardán thar a bheith luachmhar do scríbhneoirí úra chomh maith le scríbhneoirí fadbhunaithe. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas seo.
Is é an spriocdháta iontrála 1 Iúil 2017 agus is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag https://pangr-comlit.herokuapp.com/ nó é a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | Oireachtas na Gaeilge | 01 4753857 | louise@antoireachtas.ie