D’fhógair An tOireachtas inniu (1 Meán Fómhair) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017. Deich (10) gcatagóir atá ar chlár na ngradam i mbliana – roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí d’ocht (8) gcatagóir ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Eiseofar sonraí maidir leis an vóta poiblí Dé Máirt, 12 Meán Fómhair. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Céadaoin, 25 Deireadh Fómhair, seachtain roimh an searmanas bronnta.
Tugann an tsraith gradam seo aitheantas do shár-chaighdeán, do chruthaitheacht agus don nuálaíocht a léirítear in earnáil na cumarsáide Gaeilge.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá forbairt agus fiontraíocht thar na bearta le sonrú ag gach aon leibhéal in earnáil na cumarsáide Gaeilge agus tá sé tábhachtach go n-aithneofaí é sin. Cuireann caighdeán na n-ainmniúchán atá á fhógairt againn inniu ríméad orm,” a deir sé.
Reáchtálfar an 18ú searmanas bronnta san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017 áit a ndéanfar ceiliúradh ar lucht déanta na gclár, aisteoirí, iriseoirí, láithreoirí agus daoine eile san earnáil a bhfuil éacht déanta acu le bliain anuas.
Tá an gearrliosta iomlán ar fáil anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 4753857 | louise@antoireachtas.ie
Máirín Nic Dhonnchadha | An tOireachtas | 01 4753857 | mairin@antoireachtas.ie