Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Oireachtas na Samhna 2017 seolta agus duaiseanna liteartha bronnta

2017 || Nuacht || An tOireachtas

Is é Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta & na nOileán, Joe McHugh T.D. a sheol Oireachtas na Samhna 2017 ag ócáid speisialta inniu (1 Samhain 2017) in Óstán Brehon, Cill Airne, Co. Chiarraí. Chuir sé tús oifigiúil le himeachtaí na féile, a mhairfidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn (5 Samhain 2017), le fáilte faoi leith a chuir roimh na sluaite a thaisteal go Ciarraí go speisialta le bheith páirteach i gceiliúradh bliantúil an Oireachtais.

“Seo é mecca na nGael, an phríomhfhéile náisiúnta s’againn féin”, a dúirt an tAire Stáit McHugh T.D., ina aitheasc oscailte.  “Is í an fhéile seo an fhíor-fhoinse atá againn a chothaíonn an Ghaeilge bheo - trí ardán a thabhairt do mhór-fhorbairtí teanga in iliomad réimsí, ina measc, an nua-scríbhneoireacht, an fhoilsitheoireacht, na meáin chumarsáide, an teicneolaíocht, an fhiontraíocht agus, thar aon ní eile, na taibh-ealaíona!   Is ceann de mhór-imeachtaí na nGael gach uile bhliain é Oireachtas na Samhna agus déanaim comhghairdeas leis an eagraíocht as an bhféile taitneamhach agus tarraingteach seo a eagrú arís i mbliana.  Guím gach rath ar na hiomaitheoirí a bheidh ag glacadh páirt sna comórtais ardáin anseo i rith na féile, ag amhránaíocht, ag damhsa, ag scéalaíocht, ag déanamh lúibíní agus agallaimh bheirte agus míle ní eile.  Go n-éirí go geal libhse agus le gach dream eile a bheidh rannpháirteach sna 133 ócáid ar fad a bheidh ar siúl i gCill Airne don fhéile.”

Tá sraith leathan imeachtaí ar chlár na féile, ina measc, comórtais ardáin, seimineáir, ócáidí ceoil, amhránaíochta, siamsaíochta, gréasánaíochta agus dioscúrsa.  Rinne Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, tagairt do thábhacht fhéile an Oireachtais do phobal na Gaeilge ag labhairt dó ag an ócáid oscailte freisin:

“Deis iontach dúinne i bhForas na Gaeilge, agus d’earnáil na Gaeilge i gcoitinne, an chuid is fearr, is dearfaí agus is spleodraí dár saothar i gcaitheamh na bliana a cheiliúradh agus a chuir os comhair an tsaoil is ea Oireachtas na Samhna, ár bpríomhfhéile náisiúnta, a thugann Gaeil as gach aon chearn den tír le chéile chun ár gcultúr, ár dteanga agus ár n-ealaíona a chleachtadh agus a cheiliúradh”, a dúirt sé.

Beidh sraith drámaí á léiriú mar is gnách oícheanta Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn in Amharclann an Oireachtais (Óstán Brehon) ach beidh áit lárnach ag na scannáin ag féile na bliana seo chomh maith – taispeánfar an premiere den scannán Murdair Mhám Trasna ar Aoine na féile, scannán atá bunaithe ar an leabhar ÉAGÓIR: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin, an t-iarChoimisinéir Teanga, a insíonn an scéal tragóideach faoi na daoine as Mám Trasna, Co. na Gaillimhe, a ciontaíodh agus a daoradh chun báis in 1882 de bharr fianaise bhréige, brathadóirí agus mímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.  Tráthnóna Shatharn na féile taispeánfar, 'Song of Granite' faoin amhránaí sean-nóis, Seosamh Ó hÉanaigh, an scannán atá ainmnithe do ghradam Oscar i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa chatagóir, ‘Scannán i dTeanga Iasachta’.

Rinne an tAire Stáit McHugh bronnadh ar bhuaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais le linn na hócáide oscailte inniu agus thréaslaigh sé leis na scríbhneoirí ar fad a chuireann saothar faoi bhráid an Oireachtais gach aon bhliain.   Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí leis seo.

Ag an ócáid chéanna fógraíodh gurb b’é an Teach Foilsitheoireachta Leabhar Breac a bhuaigh Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 don saothar CONAIRE MÓR: Seacht nDoras na gCinniúna le Diarmuid Johnson.  Bhronn Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, seic ar €3,000 ar Dharach Ó Scolaí (Leabhar Breac) agus seic ar €2,000 ar údar an tsaothair, Diarmuid Johnson.

I measc na mórócáidí eile bheidh ar siúl inniu tá Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017 a bheidh ar siúl san INEC i gCill Airne agus beidh Fiona Ní Fhlaithearta, TG4 le feiceáil ar www.tg4.tv ag labhairt le haíonna agus iad ag siúl an Chairpéid Dheirg isteach chuig an Searmanas Bronnta.  Beidh clúdach cuimsitheach á dhéanamh ar imeachtaí uile na féile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, BBC Thuaisceart Éireann, Ardáin Digiteacha RTÉ, Meon Eile, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Tuairisc.ie agus www.tg4.tv.

Tuilleadh Eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha | An tOireachtas | 087 2232094 | mairin@antoireachtas.ie