Beidh breis agus 110 imeacht Gaeilge ar siúl ar fud na tíre i mbliana d’Oíche Chultúir, méadú suntasach ó thosaigh Oireachtas na Gaeilge ag plé le grúpaí ealaíne, cultúir agus siamsaíochta le cuidiú leo líon níos mó imeachtaí Gaeilge a eagrú don phobal ar Oíche Chultúir. Sular thosaigh an tOireachtas ag plé leis, ní raibh ach 38 imeacht Gaeilge ann ar fud an oileáin. Tháinig méadú 31% ar líon an ndaoine a ghlac páirt in imeachtaí cultúir trí Ghaeilge le linn na hoíche anuraidh. Is ar an Aoine, 22 Meán Fómhair a bheidh Oíche Chultúir i mbliana agus táthar ag súil go méadófar an líon freastail arís i mbliana.
“Tá forbairt as cuimse tagtha ar Oíche Chultúir laistigh de bheagán blianta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “agus tá rannpháirtíocht an phobail sna healaíona agus in imeachtaí cultúir éagsúla a spreagtar an oíche amháin seo sa bhliain an-luachmhar don tsochaí i gcoitinne. Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ag an bpobal an rannpháirtíocht sin a bheith i nGaeilge agus, le tacaíocht Fhoras na Gaeilge agus na Roinne (cuir isteach teideal iomlán na Roinne), tá ríméad orainn go bhfuil líon na n-imeachtaí Gaeilge méadaithe arís i mbliana.’
Tá Mairéad Ní Mhaonaigh ar dhuine d’Ambasadóirí Oíche Cultúir i mbliana agus seo mar a labhair sí faoin dearcadh atá aici ar chultúr in Éirinn:
“Sílimse gurb í ár dteanga dúchais, an Ghaeilge, bunchloch ár gcultúr agus ár meoin anseo in Éirinn. Is í an Ghaeilge a thugann ár ndearcadh faoi leith dúinn ar an saol. Tugann sí rithim dár gcuid ceoil agus rince. Is í an Ghaeilge bunús na cora cainte sin atá chomh cruthaitheach sa Bhéarla a úsáidtear in Éirinn agus a bhí ina dhúshraith ag ár scríbhneoirí mór le rá, leithéid Joyce, Kavanagh, Yeats agus Heaney. Múnlaíonn an Ghaeilge ár gcoinsias agus ár sícé agus is í an Ghaeilge a dhéanann Éireannaigh dínn. Tír gan teanga, tír gan anam.”
Deir sí gur mór an onóir di cuireadh a fháil ón Aire Humphreys páirt a ghlacadh san Oíche.
“Cé go bhfuil an domhan siúlta agam le 30 bliain anuas ag seinm ceol traidisiúnta na hÉireann le hAltan ar stáitsí móra Tokyo, Nua Eabhrach agus Sydney na h-Astráile, is iontaí i bhfad an deis an ceol sin a chuir chun cinn agus a sheinm sa bhaile.”
Is imeachtaí ceoil, drámaíochta, scannánaíochta, ealaíne, amhránaíochta, damhsa agus oidhreachta saor in aisce iad na himeachtaí uile a bheidh ann ar Oíche Chultúir agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ag https://culturenight.ie/events/?location=85
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin | Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail