Tá ríméad ar an Oireachtas sraith úrnua de shiúlóidí i gcomhluadar na nGael “Na Siúlóidí” a fhógairt inniu (25 Lúnasa 2017).
Tá sé mar sprioc ag an Oireachtas an deis a thabhairt do ghrúpaí siúlóidí mar aon le daoine aonair le Gaeilge páirt a ghlacadh i siúlóidí Gaelacha ar mhaithe le deiseanna úsáidte Gaeilge a chur ar fáil chomh maith le caidrimh idir ghréasáin siúlóide gaelacha a chothú.
Dúirt Laura Rawdon, Oifigeach Gréasán leis an Oireachtas inniu:
“Táimid ag súil go mór le tús a chur leis “Na Siúlóidí” i gCnoc na dTeamhrach, Co. na Mí, i mí Mheán Fómhair in éineacht le Club Siúlach Scéalach, grúpa siúlóide iontach atá faoi stiúir ag Caitlín Ní Dhiarmada as Dún Búinne agus pobal na Gaeilge sna ceantair máguaird.
Beimid ag leanúint orainn ansin i mí Dheireadh Fómhair chuig Ard Mhacha agus siúl álainn beartaithe againn i Gosford Park agus Cairde Teo. agus An Cumann Gaelach Muineacháin le bheith in éineacht linn go dtí seo. Táimid ag súil le tuilleadh grúpaí siúlóide eile mar aon leis an bpobal Gaeilge go ginearálta ar spéis leo a bheith ag siúl a mhealladh le bheith linn chomh maith.
Cuirfimid crích leis an sraith i mbliana le siúlóid ag Oireachtas na Samhna i gCo. Chiarraí agus beidh fáilte is fiche roimh lucht freastail an fhéile mar aon leis na Gaeil ón gceantar bheith ag siúl linn maidin Dé Sathairn.”
Cuireann An tOireachtas fíorfáilte roimh grúpaí siúlóide mar aon le daoine aonair páirt a ghlacadh sa tsraith álainn “Na Siúlóidí” sna ceantair áille atá beartaithe le haghaidh 2017.
Is féidir clárú le haghaidh “Na Siúlóidí” ag www.antoireachtas.ie/na-siuloidi
Tuilleadh eolais ar fáil ó:
Máirín Nic Dhonnchadha | Leas-Stiúrthóir/Oifigeach Polasaí & Straitéise | An tOireachtas | mairin@antoireachtas.ie | 01-4753857