D’fhógair an tOireachtas inniu (13 Meán Fómhair 2018) go bhfuil síneadh ama deich (10) lá á chur le spriocdháta iontrála na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna. Beidh deis ag iomaitheoirí nach bhfuil cláraithe fós iontráil a dhéanamh go dtí Dé Luain, 24 Meán Fómhair.
Daichead a haon (41) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche haon (21) acu i rannóg na ndaoine óga agus fiche (20) acu i rannóg na ndaoine fásta. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht, dreas cainte, uirlisí ceoil agus go leor eile.
“Is iad na comórtais ardán croílár na féile Oireachtas na Samhna gach aon bhliain”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Ní hamháin go dtugann na comórtais seo stáitse do healaíontóirí dúchasacha na tíre ach tugann sé spreagadh do ghasúir óga a bheith páirteach i bhféile náisiúnta agus cabhraíonn siad le féin-mhuinín na ngasúr a láidriú. Ach, b’fhéidir an rud is tábhachtaí fós, déanann siad cinnte go mbeidh ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiún beo agus slán do na blianta amach romhainn. Tá súil againn go spreagfaidh an síneadh ama tuilleadh iontrálacha”, a dúirt sé.
Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl ó 31 Deireadh Fómhair – 4 Samhain 2018 i gCill Airne, Co. Chiarraí. Tá an t-eolas is déanaí maidir le himeachtaí na féile ar fail ag www.antoireachtas.ie.
Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Ardáin 2018, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Aisling Nic Artáin | An tOireachtas | 01 4753857 | aisling@antoireachtas.ie