D’eisigh An tOireachtas inniu (14 Lúnasa 2018) Clár na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna 2018. Beidh féile na bliana seo ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí ó Dé Céadaoin go Dé Domhnaigh 31 Deireadh Fómhair - 4 Samhain 2018.
Daichead a haon (41) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche haon (21) acu i rannóg na ndaoine óga agus fiche (20) acu i rannóg na ndaoine fásta. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht, dreas cainte, uirlisí ceoil agus go leor eile.
“Tá na hullmhúcháin d’Oireachtas na Samhna faoi lán seoil agus tá ríméad orm na comórtais ardáin a fhógairt inniu”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is cuid iontach tábhachtach dár n-oidhreacht, dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht iad na healaíona traidisiúnta. Tugann na comórtais ardáin deis d’ealaíontóirí na tíre seo na healaíona a chur chun cinn, a chleachtadh agus a choinneáil beo don chéad ghlúin eile. Bliain i ndiaidh bliana, tagann iomaitheoirí den chéad scoth le páirt a ghlacadh ar stáitse an Oireachtais agus táimid ag súil go mór le sean-iomaitheoirí agus iomaitheoirí nua a fheiceáil ag an bhféile i mbliana”, a dúirt sé.
Beidh na meáin chumarsáide Gaeilge idir raidió, theilifís agus na meáin shóisialta, i mbun craoltaí beo ó lár an aonaigh le linn sheachtain na féile. Beidh an babhta craoibhe den chomórtas Lúibíní (12-15) á chraoladh beo le linn an chláir Lár Stáitse ar TG4 ó 8.00 – 9.30 p.m Aoine na Féile. Cuireadh tús leis an gclár seo anuraidh chun ardán nua a thabhairt do na taibh-ealaíona do ghasúir. Chomh maith leis an gcomórtas Lúibíní, beidh roinnt iomaitheoirí ó chomórtais agus ó aoisghrúpaí eile páirteach sa chlár, ina measc, iomaitheoirí aithriseoireachta, scéalaíochta agus iomaitheoirí ó na hagallaimh bheirte.
Is é an spriocdháta iontrála Dé hAoine, 14 Meán Fómhair 2018, agus is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne anseo nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Ardáin 2018, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Aisling Nic Artáin | An tOireachtas | 01 4753857 | aisling@antoireachtas.ie