D’fhógair An tOireachtas inniu (4 Meán Fómhair 2018) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018. Naoi (9) gcatagóir atá ar chlár na ngradam i mbliana – roghnóidh painéal mholtóirí buaiteoirí do sheacht (7) gcatagóir ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Eiseofar an gearrliosta sin agus sonraí maidir leis an vóta poiblí Dé Máirt, 11 Meán Fómhair. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt, 23 Deireadh Fómhair, seachtain roimh an searmanas bronnta.
Déanfar ceiliúradh ar 20 bliain Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Tugann na Gradaim Chumarsáide aitheantas do shár-chaighdeán, do chruthaitheacht agus don nuálaíocht a léirítear in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Cuireadh tús le catagóir nua i mbliana – Feachtas Meán Sóisialta na Bliana.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta”, arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá ríméad orainn go bhfuil muid ag ceiliúradh 20 bliain de na Gradaim i mbliana. Tá fás agus forbairt dochreidte tagtha ar earnáil na meán cumarsáide Gaeilge ó chuir An tOireachtas tús leis na gradaim seo 20 bliain ó shin agus tá áthas orainn, mar eagraíocht, a bheith bainteach leis sin. Athraítear patrúin i ngach gné den saol agus shíl muid go raibh sé rí-thábhachtach go mbeadh aitheantas cuí á thabhairt do na meáin shóisialta i mbliana,” a deir sé.
Reáchtálfar an 20ú searmanas bronnta san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair 2018 áit a ndéanfar ceiliúradh ar lucht déanta na gclár, iriseoirí, láithreoirí agus daoine eile san earnáil a bhfuil éacht déanta acu le bliain anuas.
Tá an gearrliosta iomlán ar fáil thíos.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha | An tOireachtas | 01 4753857 | mairin@antoireachtas.ie
Sraith Teilifíse na Bliana
- An Focal Scoir - Below The Radar
- Beidh Mé Ar Ais - Adare Productions
- Cúl Stáitse - Aniar TV
- Camino an tSáile - Anú Pictures
- GAA Nua - Meangadh Fíbín
- Grace Harte - Wildfire Films
Clár Teilifíse / Scannán na Bliana
- Murdair Mhám Trasna - ROSG
- Rocky Ros Muc - Below The Radar
- Anseo i Lár an Ghleanna - Mordán
- Song of Granite - Marcie Films, Amerique Film Production le Harvest Films, South Wind Blows, Roads Entertainment
Pearsa Teilifíse na Bliana
- Anna Maria Nic Dhonnchadha - Bobbi Lee: Ros na Rún
- Caitlín Nic Aoidh - Láithreoir: TG4
- Brian Tyers - GAA BEO: TG4
- Máire Bhreathnach - An Focal Scoir: BBC Thuaisceart Éireann
- Micheál Ó Ciaraidh - Láithreoir: TG4
Sraith Raidió na Bliana
- Adhmhaidin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Seo an saol - BBC Raidió Uladh
- An Spota Dubh - Raidió na Life
- Bláthnaid Libh - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Blas - BBC Raidió Uladh
Pearsa Raidió na Bliana
- Helen Ní Shé - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Rónán Mac Aodha Bhuí - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Niamh Ní Shúilleabháin - Raidió na Life
- Máirín Ní Ghadhra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Bláthnaid Ní Chofaigh - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Iriseoir na Bliana
- Seán Mac an tSíthigh - RTÉ agus TG4
- Cormac Ó hEadhra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Cóilín Ó Neachtain - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Feachtas Meán Sóisialta na Bliana
- #Nílsécgl - Ciara Ní É
- #Gaeilgechliste - Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
- #anláseo - Molscéal, TG4
- #MurdairMhámTrasna - ROSG