Is sean traidisiún é go dtiocfadh mná le chéile ar an 6ú Eanáir, Oíche Nollag na mBan, traidisiún atá fós láidir in iardheisceart na tíre agus tá Oireachtas na Gaeilge le blianta bheaga anuas ag iarraidh é a athmhúscailt ar fud na tíre. Bhí 10 n-ócáid ann i mbliana agus tá muid ag súil go bhféadfaí tuilleadh ócáidí a reáchtáil i 2019.
Tá muid ag tabhairt cuireadh do mhná ócáid a reáchtáil ina gceantar féin Dé Domhnaigh 6ú Eanáir 2019, go dtiocfaidh siad le chéile i mbialanna agus i dtithe ósta thart timpeall na tíre don chomhluadar agus don cheiliúradh, go mbeidh ithe agus ól, spraoi agus craic agus muintearas ann. Tá súil againn go dtapóidh mná na hÉireann an deis seo teacht le chéile lena gcairde agus lena muintir le ceiliúradh a dhéanamh Oíche Nollag na mBan.
Cuireann muid fáilte roimh mhná a bhfuil fonn orthu ócáid Ghaelach a reáchtáil (dinnéar nó lón, mar shampla) na sonraí a chur chuig majella@antoireachtas.ie agus déanfar í a fhógairt ar na meáin shóisialta agus ar leathanach speisialta facebook atá cruthaithe againn d’Oíche Nollag na mBan https://www.facebook.com/groups/1197604003587735/
Beidh ainmneacha na mban a ghlacann páirt sna hócáidí curtha i hata i gcomhar duais de €60. Cuirfear ainmneacha na ndaoine a reáchtálann ócáid i hata i gcomhar duais de €100. Tapaigh an deis, ní bheidh sé i bhfad ag teacht!