Tá 21 Féasta Sráide Ghaelacha á reáchtáil Dé Domhnaigh seo chugainn 10 Meitheamh ag grúpaí éagsúla thart timpeall na tíre ó Lios Tuathail go Machaire Fíolta, agus ó Los Angeles go Dún Bóinne. Is sraith lónta pobail é Féasta Sráide ina dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrantaí, i hallaí pobail nó i gcarrchlóis. Tógann gach duine rud le n-ithe leo agus roinntear an béile le chéile.
Mar a deir Majella Ní Chríocháin, Oireachtas na Gaeilge:
‘Tá ríméad orainn go bhfuil spéis léirithe ag an oiread sin grúpaí Féasta Sráide a reáchtáil ina gceantar féin. Is deis iontach é seo do ghrúpaí pobail agus áitiúla, do Ghaelscoileanna, do chomharchumainn Ghaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.
Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aois ghrúpa agus ar gach duine. Is coincheap simplí atá ann atá dírithe ar chomharsana a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú. Is bealach iontach é freisin leis an nGaeilge a cheiliúradh agus a chur chun chinn le linn Bhliain na Gaeilge.’
Tá fáilte roimh Ghaeilgeoirí ag gach ceann de na Féastaí Sráide, ní gá ach bia a thabhairt leat! Tá liosta de na Féastaí uile ar leathanach facebook an Oireachtais ag https://www.facebook.com/oireachtas.nagaeilge/
Baile | Contae | Am | Ionad | Eagraí |
Ard Mhacha | Ard Mhacha | 12.30pm | An Phrióireacht, An Binn Bhorb | Cairde Teo. |
Sord | Baile Átha Cliath | 2.00pm | Páirc Cuimhneacháin Uí Laighléas, Bóthar an Inbhir | CLG Fine Ghallainn |
Béal Feirste | Béal Feirste | 12.00pm | An Droichead, Sráid Chúic | An Droichead |
Muinchille | Cabhán | 1.00pm | Halton's Lake, Bóthar Mhuineacháin | Gaeil Muinchuille |
Lios Tuathail | Ciarraí | 5.00pm | Christys The Well | Glór na nGael |
Baile na Croise, Machaire Fíolta | Doire | 2.30 - 6.00pm | An Mheitheal 82 Bóthar na Sé Bhailte | Glór na Spéiríní |
Machaire Rátha | Doire | 9.00 - 1.00pm | An Coire, 132a Br. Thír Chiana | An Carn |
Fánada | Dún na nGall | 3.00pm | Cnoc Glas, An Seanach Dubh | Gaeltacht Fhánada |
Gaoth Dobhair | Dún na nGall | 3.00pm | 3pm Amarchlann Ghaoth Dobhair | ComharchumannGhaoth Dobhair |
Dobhair | Dún na nGall | 6.00pm | Ionad Naomh Pádraig, Dobhar | Cumann na bhFiann |
Maigh Cuilinn | Gaillimh | 2.00 - 6.00pm | Teach Cóiste | Gaeilge Mhaigh Cuilinn |
Rosmuc | Gaillimh | 6.00pm | An Chrannóg | Cumann na bhFiann |
Dún Búinne | An Mhí | 3.00pm | Old Fair Green | Cumann Cónaitheoirí |
Ráth Cairn | An Mhí | 6.00pm | Ionad Pobail | Cumann na bhFiann |
Droim Rí | An Mhí | 6.00pm | Ionad Chumann na bhFiann | Cumann na bhFiann |
Oileán an Ghuail | Tír Eoghain | 4.00 - 6.00pm | Ionad an Pharóiste | Cairde Uí Néill |
Los Angeles | Meiriceá Thuaidh | 12.00-3.30pm | Irish Fair 6950 Marine Way, Irvine, CA 92618 | Conradh na Gaeilge, Los Angeles |
An Srath Bán | Tír Eoghan | 2.30 - 5.30pm | 31 Gairdíní Inis Fraoigh / 31 Innisfree Gardens, BT82 8JD | Seán agus Ríonach Ó Daimhín |
Ar an 17 Meitheamh | ||||
Rialto | Baile Átha Cliath | 2.00pm | 7 Glenmalure Villas, Rialto | Annie Ó Breachián |
Saintfield | An Dún | Le deimhniú | CLG Carryduff | |
An Uaimh/Navan | An Mhí | 1.00 - 4.00pm | Gaelscoil Éanna |
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin | Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail | 087 977 6852 | majella@antoireachtas.ie