Tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh cainteoirí Gaeilge a spreagadh le páirt a ghlacadh i reatha ‘parkrun’ thart timpeall na tíre, agus an deis a thapú le linn na rití labhairt le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu. Chuige sin, tá bandaí riosta le ‘Tá Gaeilge agam’ á gcur ar fáil acu d’éinne a ghlacann páirt i parkrun agus atá ag iarraidh go n-aithneodh cainteoirí eile Gaeilge go bhfuil Gaeilge acu.
Beidh an tOireachtas ag seoladh na mbandaí riosta seo ag parkrun Uachtar Ard ar 9:15 am Dé Sathairn 3 Feabhra 2018. Tosóidh an parkrun i bPáirc Corribdale, in aice pháirc Chumann Lúthchleas Gael i lár an tsráidbhaile.
Is é atá i gceist le parkrun ná rith (nó siúíl) 5k i bpáirc áitiúíl, gach maidin Shathairn ag 9:30am. Is imeacht saor in aisce atá ann, agus má chláraíonn tú le parkrun, beidh d’am cláraithe agus beidh tú in ann breathnú ar thorthaí an reatha am lóin an lá céanna. Tá 73 parkrun i bpáirceanna thart timpeall na tíre agus ní gá ach breathnú ar http://www.parkrun.ie/events/events/ le parkrun i do cheantar féin a aimsiú.
Tá parkrun na hÉireann ag tabhairt lán tacaíocht don tionscnamh seo, agus tá leagan Gaeilge den eolas faoi parkrun curtha ar fáil acu cheana féin ar na meáin shóisialta.
Dúirt Majella Ní Chríocháin ó Oireachtas na Gaeilge:
‘Tá muid an-sásta leis an tacaíocht atá á cur ar fáil ag parkrun dúinn sa tionscnamh seo, agus ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le Matt Shields, Bainisteoir parkrun Tíre na hÉireann, agus Clíodhna Ruane agus lucht eagraithe parkrun Uachtar Ard as an gcuireadh a thug siad dúinn na bandaí riosta a sheoladh in Uachtar Ard. Cuireadh tús leis an bparkrun ansin ag deireadh na bliana seo caite agus tá fás suntasach tagtha ar líon na ndaoine a ghlacann páirt ann ó shin. Fiú Dé Sathairn seo caite, nuair a bhí an talamh báite, ghlac 76 duine páirt ann.
Is ócáid shóisialta atá ann freisin agus téann na rannpháirtithe agus an fhoireann dheonach a bhíonn á reáchtáil chuig Caifé sa tsráidbhaile théis an reatha. Tá muid ag súil go mór le casadh leo agus banda riostaí a thabhairt dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu agus a bhfuil spéis acu a bheith aitheanta mar chainteoir Gaeilge.’
Dóibh siúd a ghlacann páirt i bparkrun i gceantair eile thart timpeall na tíre agus gur mhaith leo ceann de na bandaí riosta a fháil, ní gá ach ríomhphost a chur chuig majella@antoireachtas.ie agus a rá cén parkrun a bhfuil i gceist agat páirt a ghlacadh ann agus cén seoladh poist atá agat. Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais ó Stiúrthóirí parkrun ar mhaith leo roinnt bandaí a fháil le dáileadh.
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin
Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail
+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie