D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu (27 Meitheamh 2018) go bhfuil síneadh ama seachtaine á thabhairt do scríbhneoirí le hiontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí 5.00 p.m. Dé hAoine, 6 Iúil 2018.
Is é an aidhm leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Is ar shaothair neamhfhoilsithe amháin a bhfuil Comórtais Liteartha an Oireachtais dírithe orthu.
Fiche haon (21) comórtas atá ar chlár na bliana seo – trí déag (13) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, dráma agus eile.
“Tugann Comórtais Liteartha an Oireachtais sprioc agus spreagadh do scríbhneoirí seanbhunaithe, do scríbhneoirí úra agus don ghlúin óg leanúint ar aghaidh ag soláthar scoth na nua-scríbhneoireachta i nGaeilge ,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Agus muid ag tabhairt aghaidh ar struchtúr nua, táimid ag súil le hiarratais nua-scríofa, neamhfhoilsithe ar ard-chaighdeán ó scríbhneoirí na Gaeilge”.
Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie/comortais-liteartha nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 4753857 | louise@antoireachtas.ie