Insealbhaíodh Máirín Uí Chonghaile mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2018, inniu, 19 Feabhra 2018, ag searmanas oifigiúil i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Is as Inis Meáin i gCuan na Gaillimhe í Máirín, bean Ghaeltachta a fáisceadh as oidhreacht shaibhir teanga, cultúir agus staire an oileáin agus atá tiomanta do chothú agus do chur chun cinn na hoidhreachta sin. Is ball dílis, buanseasmhach í den mheitheal náisiúnta a thugann a gcuid ama agus a gcuid sainscileanna do reáchtáil mhórfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, gach aon bhliain agus a thacaíonn le himeachtaí agus le féilte cultúir agus ealaíne eile ó cheann ceann na tíre.
"Is beag duine sa tír a bhfuil oiread eolais aige ná aici ar an Oireachtas agus atá ag Uachtarán an Oireachtais 2018, Máirín Uí Chonghaile," a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Is eiseamláir dúinne mar Ghaeil é dílseacht Mháirín don Ghaeilge, don Ghaeltacht, do na healaíona traidisiúnta agus dá fód dúchais féin, Inis Meáin,” a dúirt sé. “agus tá an t-ádh orainne go bhfuil an dílseacht chéanna sin aici d’Oireachtas na Gaeilge. Beidh sí ina hambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn.”
Chaith Máirín Uí Chonghaile tréimhse de bhlianta i mBaile Átha Cliath ag obair i nGaeleagras na Seirbhíse Poiblí. Bhí sí ina ball d’Aisteoirí Bulfin le linn na tréimhse sin agus tá grá faoi leith aici don drámaíocht, don aisteoireacht, don scéalaíocht agus dá teanga dúchais. Bíonn sí ag moltóireacht agus ag láithreoireacht ag Oireachtas na Samhna gach bliain.
"Is mór an onóir dom a bheith ceaptha san oifig ghradamúil seo,” a dúirt Máirín Uí Chonghaile agus Slabhra an Uachtaráin á bhronnadh uirthi. “Tá baint agam leis an Oireachtas le fada an lá agus tá ríméad orm a bheith i m’Uachtarán ar eagraíocht náisiúnta a bhfuil stair chomh huasal agus chomh hársa aici agus atá fós i dtiúin le daoine óga agus daoine aosta, i nGaeltacht agus i nGalltacht, agus a mhealladh iad le bheith bródúil as an nGaeilge agus as ealaíona ár sinsear – an sean-nós, an ceol, an damhsa, an scéalaíocht agus na healaíona traidisiúnta ar fad.”
Ba é searmanas an lae inniu ceann de na chéad imeachtaí i bhféilire leathan ócáidí a bheidh ag Oireachtas na Gaeilge in 2018. Tá gach eolas faoin eagraíocht le fáil ag www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais:
Louise Ní Dháibhéid | R: louise@antoireachtas.ie | T: 087 100 5439
Máirín Nic Dhonnchadha | R: mairin@antoireachtas.ie | T: 087 223 2094