Den chéad uair, beidh An tOireachtas, eagraí fhéile mhór na nGael, Oireachtas na Samhna, páirteach i bhFéile an Phobail i mBéal Feirste i mbliana. Tá dhá imeacht ag an Oireachtas ar chlár na bliana seo chun tuiscint a scaipeadh maidir le saintréithe fhéile an Oireachtais, léargas a thabhairt ar obair na heagraíochta agus deis a thabhairt do dhaoine blaiseadh a fháil ar na healaíona a ndéantar ceiliúradh orthu ag Oireachtas na Samhna gach bliain.
Tabharfar taispeántas taibhealaíne a bheith dírithe ar an amhránaíocht ar an sean-nós, an damhsa ar an sean-nós agus an scéalaíocht le linn caint phoiblí ar stair an Oireachtais agus beidh fáil ag an bpobal freastal ar cheardlanna sna réimsí seo a bheidh á stiúradh ag máistrí na n-ealaíon traidisiúnta níos moille sa lá.
Dúirt Oifigeach Gréasán an Oireachtais, Clíodhna NicBhranair, “Tá muid ríméadach a bheith páirteach i bhFéile an Phobail na bliana seo. Beidh cuid d’iar-bhuaiteoirí chomórtais an Oireachtais linn ag cur a gcuid scileanna chun cinn agus ag tabhairt blaiseadh d’Oireachtas na Samhna don lucht féachana. Deis iontach a bheidh ann do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste triail a bhaint as rud éigin difriúil, scileanna nua a fhoghlaim agus, gné sár-thábhachtach d’fhéile ar bith, giota craic a bheith acu!”
Beidh an chaint phoiblí dháthangach ag tarlú i bhfoirgneamh úr Raidió Fáilte (in aice le Túr Duibhise) Dé Sathairn, 3 Lúnasa 2019 ar meán lae (saor in aisce). Beidh na ceardlanna ag tarlú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an lá céanna ar 3.00 p.m. Beidh táille £5 an duine ar na ceardlanna agus ní mór dóibh siúd atá ag iarraidh páirt a ghlacadh, clárú le cliodhna@antoireachtas.ie. Tabhair faoi deara go bhfuil Gaeilge labhartha riachtanach do na ceardlanna sa scéalaíocht agus san amhránaíocht ar an sean-nós.
Tuilleadh Eolais: Clíodhna NicBhranair | An tOireachtas | cliodhna@anoireachtas.ie