D’fhógair An tOireachtas inniu (22 Deireadh Fómhair 2019) go mbeidh an Buaic-Ghradam Cumarsáide 2019 á bhronnadh i mbliana ar an gcraoltóir, Micheál Mac Donnchadha, ar son a shaothar i dtaca le cúrsaí spóirt in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge thar thréimhse fada blianta. Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.
As an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas, thosaigh Micheál ag obair go páirtaimseartha le RTÉ Raidió na Gaeltachta i samhraidh na bliana 1972, an bhliain ar bunaíodh an stáisiún. Leanúnachas agus Spóirt an Domhnaigh a bhí idir lámha aige ag an am. Thosaigh sé ag láithriú Spóirt an Lae i lár na n-ochtóidí agus cé gur iomaí seánra clár a bhí idir lámha aige , ina measc, Tráth na gCeist, Gaoth an Phobail agus cláir éagsúla faisnéise thar na mblianta, is lena chuid craoltóireacht spóirt is mó a bhain sé cáil amach. Bhailigh sé lucht leanúna dílis dá chuid chlár agus tá ardmheas air mar gheall ar an gcúram a rinne sé i gcónaí do chluichí na gclubanna.
"Is cúis áthais ar leith don Oireachtas an Buaic-Ghradam a bhronnadh ar Mhícheál Mac Donnchadha” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta, arbh pléisiúr a bheith ag éisteacht lena shaibhreas teanga agus lena chur i láthair deisbhéalach. Bhí rian a phaisin don spórt agus do chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, Comórtas Peile na Gaeltachta, ach go háirithe, le brath go sonrach ina chuid clár”, a dúirt sé.
Tá a lán ábhar clár agus scripteanna aistrithe go Gaeilge ag Micheál freisin agus thar ghuthú déanta aige ar chláir theilifíse, ina measc, Cúrsaí Cispheile i Meiriceá; Robot Wars agus I mBéal an Phobail don chomhlacht léiriúcháin Telegael agus Séideán Staire agus Mobs Mheiriceá d’Abú Media.
Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais mar aon le sraith gradam eile i gcatagóirí éagsúla ag searmanas speisialta in Óstán Citywest, Baile Átha Cliath, 30 Deireadh Fómhair 2019. Tá an gearrliosta do na catagóirí eile gradam fógartha cheana agus ainmneofar na buaiteoirí ar an oíche.
Tá vótáil phoiblí ar siúl go fóill do cheann amháin de na catagóir sin, ‘Réalta Óg na Bliana’. Dúnfar na línte vótála ag meán-oíche 29 Deireadh Fómhair 2019. Tá sonraí maidir leis an vótáil ar fáil ar www.antoireachtas.ie
Tuilleadh eolais: Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | louise@antoireachtas.ie | 087-1005439