D’fhógair An tOireachtas inniu, 31 Eanáir 2019, Clár na gComórtas Liteartha 2019. Fiche dó (22) comórtas atá ar chlár na bliana seo – ceathair déag (14) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, dráma agus eile.
Is é an aidhm leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Tá na comórtais Úrscéal Ficsean Liteartha agus Dán á tabhairt ar ais ar an siollabas i mbliana. Is é Éigse Éireann atá ag cur urraíocht ar fáil don chomórtas Dán.
“Tá an-áthas orainn gur éirigh linn Clár na gComórtas Liteartha a fhoilsiú inniu – mí níos luaithe ná blianta eile”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tuigeann muid an tábhacht agus an fiúntas a bhaineann le ham a thabhairt do scríbhneoirí a gcuid saothar a scríobh do na comórtais liteartha agus táimid ag súil go spreagfaidh an breis ama seo níos mó scríbhneoirí Gaeilge le dul i mbun pinn in 2019. Táimid ag súil le tuilleadh forbairtí a dhéanamh do chlár 2020 i mbliana chomh maith.”
Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne anseo nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2019.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 475 3857 | louise@antoireachtas.ie