Beidh Féastaí Sráide Ghaelacha á reáchtáil ag grúpaí éagsúla ó cheann ceann na tíre - ó Dhún na nGall go Corca Dhuibhne, agus ó Bhéal Feirste go Port Láirge Dé Domhnaigh, 5 Bealtaine 2019. Is tionscnamh pobail é Street Feast ag a dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarraithe nó i gcarrchlóis agus go dtugann siad bia leo, le hithe iad féin agus le roinnt leis an gcomhluadar. Tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge do ghrúpaí a bheidh ag reáchtáil Féasta Sráide - pacáiste ina mbeidh bratacha, treoirleabhair, póstaeir, cuirí srl.
Mar a deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail le hOireachtas na Gaeilge:
‘Feictear dúinn gur deis iontach í seo do ghrúpaí pobail agus áitiúla, do Ghaelscoileanna, do chomharchumainn Ghaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Gaeilge a bheidh á chur chun cinn ar bhonn náisiúnta. Tá sé éasca Féasta Sráide a reáchtáil i do cheantar féin – níl ag teastáil ach ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil.
Ceann de na nithe is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar na haoisghrúpaí uile, rud nach bhfuil amhlaidh faoi mhórán ócáidí eile. Is coincheap simplí atá ann chun comharsana a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú.’
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin | Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail | 087 977 6852 | majella@antoireachtas.ie