Inniu (Dé Máirt, 1 Deireadh Fómhair 2019) i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2019 – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam úrnua a bronnadh den chéad uair ar shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar na Gradaim agus ar an duaischiste agus is é Cathaoirleach an Fhorais, Pól Ó Gallchóir, rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, ‘Leabhar Breac’, ar son an leabhair, AN TROMDHÁMH le Feargal Ó Béarra. Is ar an teach foilsitheoireachta ‘Cois Life’ a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar BOSCADÁN a scríobh Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Kirsten Shiel. Thug ‘Cois Life’ leo freisin Gradam de Bhaldraithe ar son an leabhair, FILE AR FHILE, saothar uaillmhianach aistriúcháin ar dhánta le filí suaithinseacha na hEorpa a d’aistrigh filí as Éirinn, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Liam Ó Muirthile nach maireann.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a fuair gradam inniu”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “agus leo siúd uile a bhain an gearrliosta amach. Is ag saothrú as lámh a chéile d’fhoilsitheoirí, do scríbhneoirí agus do lucht margaíochta agus díolachán a fhorbrófar raon agus réimse na leabhar Gaeilge, ach go fadtéarmach, tá borradh agus rath na hearnála ag brath ar thiomantas an Rialtais do na bearta atá sainithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”
Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR i gcompháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, portráidí ar sheisear den ochtar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2019 agus d’fhógair An Dr. Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2020: Áine Durkin, Áine Uí Fhoghlú, Declan Collinge, Gary Hastings, Jackie Mac Donncha, Máirín Ní Dhonnchadha, Pádraigín Ní Uallacháin agus Seán Ó Coileáin.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “tá beocht agus brí in earnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair, agus níos mó siopaí leabhar ná riamh ag díol leabhair Ghaeilge. Tá tionscnaimh mar na Gradaim Foilsitheoireachta agus Portráidí ag cuidiú go mór aird an phobail a tharraingt ar an saothar d’ardchaighdeáin atá ag teacht as na tithe foilsitheoireachta agus as pinn na n-údar: guím gach rath orthu.”
Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Thiar Theas ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2019, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2019. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile. Tá eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie
Elly Shaw | COMHAR | 00353 1 675 1922 | gno@comhar.ie
TORTHAÍ
Na Gradaim Foilsitheoireachta 2019
GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN
Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
AN TROMDHÁMH
Údar: Feargal Ó Bearra - €2,500
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €5,000
GRADAM RÉICS CARLÓ
Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig
BOSCADÁN
Údar: Áine Ní Ghlinn - €1,250
Maisitheoir: Kirsten Shiel - €1,250
Foilsitheoir: Cois Life - €5,000
GRADAM DE BHALDRAITHE
Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
FILE AR FHILE
Aistritheoirí:
Eiléan Ní Chuilleanáin - €500
Liam Ó Muirthile (nach maireann)
Tomás Mac Síomóin
Gabriel Rosenstock
Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Foilsitheoir: Cois Life - €1,500
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2019
- Alex Hijmans: úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí agus iriseoir
- Catherine Foley: úrscéalaí don fhoghlaimeoir fásta, colúnaí agus iriseoir
- Derry O’Sullivan: file
- Liam P. Ó Murchú: Iarléachtóir sinsearach le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus scríbhneoir acadúil
- Máire Zepf: scríbhneoir don aos óg
- Pádraig Ó Baoighill: staraí, gearrscéalaí agus scríbhneoir don aos óg
- Réaltán Ní Leannáin: gearrscéalaí agus blagadóir
- Úna Nic Éinrí: Iarléachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál agus scríbhneoir acadúil
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2020
- Áine Durkin: file, cumadóir agus blagadóir
- Áine Uí Fhoghlú: file agus scríbhneoir don aos óg
- Declan Collinge: file agus scríbhneoir aistí
- Gary Hastings: aistritheoir
- Jackie Mac Donncha: gearrscéalaí, file, agus úrscéalaí
- Máirín Ní Dhonnchadha: Ollamh le Meán- agus le Sean-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus scríbhneoir acadúil
- Pádraigín Ní Uallacháin: cumadóir agus scríbhneoir acadúil
- Seán Ó Coileáin: Iarollamh le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus scríbhneoir acadúil.