Tá parkrun Nás na Ríogh, Cill Dara ag cur fáilte ar leith roimh rannpháirtithe parkrun a bhfuil Gaeilge acu páirt a ghlacadh san ócáid #parkrunabú! atá á reáchtáil acu mar chuid den parkrun ag 9:30 r.n. ar an Satharn, 9 Márta 2019. Is éard atá i gceist le parkrun ná siúil nó rith 5k a dhéantar ar Ráschúrsa Nás na Ríogh gach maidin Sathairn ag 9:30 r.n.
Tá parkrun ag reáchtáil #parkrunabú! i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge, a chuireann banda rosta le ‘Tá Gaeilge agam’ ar fáil d’éinne a ghlacann páirt i parkrun agus atá ag iarraidh go n-aithneodh cainteoirí eile Gaeilge go bhfuil Gaeilge acu.
‘Tá ag éirí chomh maith sin leis an bhfeachtas leis na bandaí rosta agus leis na hócáidí #parkrunabú! go mbeidh 13 n-ócáid ann ar fud na tíre i mbliana,’ a dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail an Oireachtais. ‘Is é ceann Nás na Ríogh an dara ceann acu sin sa tsraith i mbliana,’ a dúirt sí.
Tá an-áthas orainn go dtabharfar deis do Ghaeilgeoirí Chill Dara páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta, aclaíochta mar seo,’ a dúirt Aedamar Ní Luachra ó Seachtain na Gaeilge, Nás na Ríogh. ‘Bain úsáid as do chuid Gaeilge ar Ráschúrsa Nás na Ríogh, beidh píosa spraoi againn!’
Is féidir clárú don parkrun saor in aisce ag www.parkrun.ie/naas.
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin | Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail | 087 977 6852 | majella@antoireachtas.ie