D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu (25 Meitheamh 2019) go bhfuil síneadh ama seachtaine á thabhairt do scríbhneoirí le hiontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2019. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí 12.00 p.m. meán lae Dé Luain, 8 Iúil 2019.
Is é an aidhm atá leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Is ar shaothair neamhfhoilsithe amháin a bhfuil Comórtais Liteartha an Oireachtais dírithe orthu.
Fiche dó (22) comórtas atá ar chlár na bliana seo – ceithre déag (14) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, dráma agus eile.
“Tugann Comórtais Liteartha an Oireachtais sprioc agus spreagadh do scríbhneoirí seanbhunaithe, do scríbhneoirí úra agus don ghlúin óg leanúint ar aghaidh ag soláthar scoth na nua-scríbhneoireachta i nGaeilge ,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Táimid ag súil le hiarratais nua-scríofa, neamhfhoilsithe ar ard-chaighdeán ó scríbhneoirí na Gaeilge arís i mbliana agus muid sa dara bhliain den athstruchtúrú nua”.
Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne anseo nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2019, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas
T: 01 4753857
R: louise@antoireachtas.ie