Bhí Oifigeach Gréasán an Oireachtais, Clíodhna NicBhranair, i láthair i mBéal Feirste do sheoladh Fhéile an Earraigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Is í Féile an Phobail an fhéile phobail is mó in Iarthar na hEorpa. Bunaíodh i 1988 í mar fhreagra dearfach, spreagúil ar an choimhlint a bhí ag titim amach ar fud an tuaiscirt, an bhliain sin ach go háirithe, in Iarthar Bhéal Feirste. Is í an aidhm atá aici ná na healaíona, cultúr agus an pobal áitiúil a chur chun cinn. Bíonn trí fhéile á eagrú acu i rith na bliana - Féile an Earraigh (Márta); Féile an Phobail (Lúnasa) agus Draíocht (Samhain).
Bhí an seomra lán go doras don ócáid ag ar seoladh an clár d’Fhéile an Earraigh 2019. Labhair aoi-chainteoir an lae, Packy Lee (aisteoir as Bhéal Feirste atá mar ‘Johnny Dogs’ sa chlár Peaky Blinders), ar thábhacht na Gaeilge i bhféilte áitiúla cosúil le Féile an Earraigh. Agus é ag tógáil a chlann le Gaeilge, aithníonn sé an tionchar mhór a bhíonn ag infheictheacht na Gaeilge i measc a bpobal féin ar dhaoine óga agus iad ag fás aníos.
Labhair Ard-Mhéara na Cathrach, Deirdre Hargey, agus Stiúrthóir na Féile, Kevin Gamble, ar an lá chomh maith agus rinne siad a machnamh ar an méid atá bainte amach ag Féile an Phobail le 30 bliain anuas. is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo