Um Cháisc, mar is gnách, beidh na Ceiltigh ag teacht thar sáile ar a n-oilithreacht bhliantúil as Alba, Cymru, Mannin, Breizh agus Kernow le freastal ar an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach. Is ar Leitir Ceanainn a bheidh a dtriall arís i mbliana agus, i bhfianaise sárfhéile na bliana seo caite ar an mbaile, tá na cuairteoirí agus muintir Leitir Ceanainn araon ag tnúth leis an gceiliúradh.
Réalt TG4, Caitlín Nic Aoidh, Conallach ó dhúchas í féin, a sheolfaidh an fhéile go hoifigiúil ag Ceolchoirm na hOscailte, Dé Máirt, 23 Aibreán 2019, ag 7.30 p.m. Cuirfear tús ansin le seachtain iomlán d’imeachtaí a leanfaidh ar aghaidh go dtí an Domhnach dar gcionn, 28 Aibreán 2019, ina measc, comórtais amhránaíochta, damhsa agus ceoil; ceolchoirmeacha; spórt, paráid na féile, ranganna sna teangacha Ceilteacha éagsúla, seisiún scéalaíochta, ceardlanna, taispeántas ceardaíochta agus a lán eile.
“Táimid faoi chomaoin ag Comhairle Contae Dhún na nGall a thug cuireadh go Leitir Ceanainn don fhéile agus a bhí fial agus tacúil ar an iliomad slite”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Cathaoirleach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach. “Gné lárnach den fhéile is ea pobail a thabhairt le chéile a bhfuil sainiúlacht cultúir agus teanga faoi leith acu agus a bhfuil cosúlachtaí go leor eatarthu, go háirithe sna dúshláin a bhíonn le sárú acu lena n-oidhreacht a thabhairt slán chuig an gcéad ghlún eile. Deis ceiliúrtha chomh maith le malartú taithí agus saineolais atá san fhéile.”
Buaiteoirí Oireachtais a bheidh ag glacadh páirt thar ceann na hÉireann sna comórtais amhránaíochta traidisiúnta ar Chéadaoin na Féile, Máire Ní Chéilleachair as Corcaigh a bhuaigh Corn Uí Riada ag Oireachtas 2018, chomh maith le Diane Ní Chanainn as Tír Chonaill agus Conor Ó Gallachóir as Tír Chonaill. Is í Daríona Nic Dhonnacha a bheidh ag canadh Amhrán na hÉireann sa Chomórtas Amhrán Nuachumtha oíche Dhéardaoin na féile. Áine Durkin, as Conamara ó dhúchas ach a bhfuil cónaí uirthi i nDún na nGall anois, a chum an t-amhrán, ‘Ní Thuigim’, amhrán a roghnaíodh as dhá scór iontráil sa chomórtas náisiúnta a reáchtáladh níos túisce i mbliana. Ceann eile de mhórimeachtaí na féile is ea Ceolchoirm na gCór a bheidh ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar Aoine na féile ag tosú ag 7.30 p.m. Beidh córacha as Éirinn, Albain, Mannin, Cymru, Kernow agus Breizh ag glacadh páirt san ócáid speisialta seo. Taistealóidh go hard os cionn 300 amhránaí, ceoltóir agus damhsóir chomh maith lena gcairde agus a lucht leanúna go Leitir Ceanainn don tseachtain.
Beidh Club na Féile ar siúl in Óstán Mount Errigal agus beidh oíche dá chuid féin ag gach náisiún Ceilteach chun an tsiamsaíocht á stiúradh de réir a thraidisiúin féin. Is é Dé Máirt oíche na hÉireann, Dé Céadaoin oíche na Briotáine, Déardaoin oíche an Choirn agus Mhannin, Dé hAoine oíche na Breataine Bige agus Dé Sathairn oíche na hAlban.
Tá ticéid chuig na himeachtaí uile ar fáil ó Amharclann an Ghrianáin, 074 9120779 agus is féidir clár na féile a íoslódáil ón suíomh gréasáin www.panceltic.ie
EOLAS:
Louise Ní Dháibhéid | louise@antoireachtas.ie | 087 100 5439
Christina O’Donnell | codonnell@donegalcoco.ie | 074 9153900