Inniu (18 Samhain 2019) is ea insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2020 ag searmanas speisialta in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh. Chuir an tUachtarán nua-thofa, An tOllamh Gearóid Denvir, tús lena théarma oifige tráthnóna nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin air ag ócáid ag ar bhailigh na sluaite, ina measc, lucht acadúla, a chlann agus a chairde, ceoltóirí agus oifigigh ón earnáil ealaíne agus cultúir, ina onóir.
Baile Átha Cliathach é Gearóid Denvir a bhfuil cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Tá sé ag freastal ar an Oireachtas ó 1967 i leith agus tá suim ar leith aige sna healaíona béil. Bhí sé ina mholtóir go minic ar chomórtais éagsúla an Oireachtais, ina measc An tAgallamh Beirte, Na Lúibíní, An Scéalaíocht, An Dreas Cainte, An Sceitse agus An tAmhrán Nuachumtha.
“Is onóir agus pribhléid ar leith dom bheith i m’Uachtarán ar an Oireachtas go mór mór agus an Fhéile ag teacht go Gaillimh, Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa, in 2020”, a dúirt an tUachtarán nua-thofa, Gearóid Denvir. “Tagann pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile ag an Oireachtas le ceiliúradh a dhéanamh orainn féin agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus teanga. Tá go leor cuimhní geala Oireachtais againn ó fhéilte éagsúla i gcaitheamh na mblianta agus tá mé cinnte go gcuirfidh Oireachtas na Gaillimhe 2020 leis an stór sin”, a dúirt sé.
“Guím rath agus gach sonas ar Ghearóid ina bhliain mar Uachtarán ar an Oireachtas do 2020”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Seirbhís dhílis, dhíograiseach, atá tugtha aige don Oireachtas thar na mblianta le cúrsaí liteartha agus Oireachtas na Samhna ach go háirithe. Beidh sé ina ambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn.”
Ba é searmanas an lae inniu an chéad ócáid a bheidh ag an Oireachtas i nGaillimh as seo go ceann bliana agus féile Oireachtas na Samhna ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh, Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa ón 23 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2020.
Tuilleadh Eolais: Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | louise@antoireachtas.ie | 087 100 5439
NÓTAÍ An tOllamh Gearóid Denvir (Príomhphointí)
CÚLRA ACADÚLA
Bhí sé ina Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a raibh sé ag teagasc ó 1977 nó go ndeachaigh sé ar scor in 2014.
Chaith sé tréimhsí ag teagasc freisin in Ollscoil Hamburg agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí sé ina Léachtóir ar Cuairt in Ollscoil Toronto agus Boston College.
SAOTHAIR FHOILSITHE
I measc na leabhar atá foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na Gaeilge tá Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain (1987), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Duanaire an Chéid (2000) agus Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010).
Ina theannta sin tá dhá leabhar filíochta foilsithe aige, Iomramh Aigne (1976) agus Trudaireacht (1983). Tá riar mhaith alt foilsithe freisin aige i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis in irisí éagsúla léannta agus liteartha in Éirinn agus thar lear agus glacann sé páirt go rialta i gcláracha teilifíse agus raidió, go mór mór faoi chúrsaí teanga, cultúir agus litríochta.
EOLAS ÁBHARTHA EILE
Tá sé ina Chathaoirleach ar Choláiste Chamuis a bhunaigh sé sa bhliain 1973 ar a fhreastalaíonn c.1700 daoine óga ar a gcuid cúrsaí chuile bhliain anois.
Tá suim mhór aige i gcúrsaí spóirt, go mór mór sa pheil agus san iománaíocht, agus tá sé gníomhach i gcónaí lena chlub áitiúil, Cumann Peile Mhichíl Bhreathnaigh.