Inniu (18 Feabhra 2019) is ea insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2019 ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath. Chuir an tUachtarán nua-thofa, Micheál Mac Aogáin, tús lena théarma oifige tráthnóna nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin air ag ócáid cheolmhar ag ar bhailigh na sluaite, ina measc, fíorscoth na gceoltóirí chomh maith le hoifigigh ón earnáil ealaíne agus cultúir, ina onóir.
Shaothraigh Mac Aogáin ar an iliomad coistí Oireachtais thar na mblianta agus thuill sé ardmheas, i measc na n-oifigeach agus na gceoltóirí araon, do gach aon ghné dá chuid oibre. Gaillimheach as Béal Átha na Sluaighe ó dhúchas é Micheál a thosaigh ag teacht chuig an Oireachtas sna seascaidí nuair a bhí sé ina mhac léinn óg i mBaile Átha Cliath – mar iomaitheoir sna comórtais ceoil i dtosach báire go dtí gur ceapadh é ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais sna seachtóidí. Ghlac sé cúram do na comórtais uirlise ag an Oireachtas ina dhiaidh sin, mar eagraí, mar mholtóir agus, le déanaí, mar láithreoir.
Ina aitheasc Uachtaránachta thug sé chun cuimhne na laochra a chuaigh i bhfeidhm ar féin agus a chothaigh a ghrá don cheol, don Ghaeilge agus do na hamhráin dhúchasacha. “Tá an tsamhail chéanna sin agam féin do mo théarma mar Uachtarán ar an Oireachtas”, a dúirt Micheál Mac Aogáin, “tuiscint a leathnú i dtaobh an tsaibhris do-sháraithe sin i saol an duine a chothaítear de réir mar a osclaímid ár n-aigní agus ár gcroíthe do na healaíona agus mar a dhéanann muid a gcuid féin daoibh. Is le gach aon naíonán sa tír an oidhreacht luachmhar atá againn - an Ghaeilge, na taibh-ealaíona dúchasacha, an cultúr, an drámaíocht – na bunchlocha ar a bhfuil gach aon ghníomhaíocht de chuid an Oireachtais tógtha.”
“Seirbhís dhílis, dhíograiseach, atá tugtha ag Micheál Mac Aogáin don Oireachtas thar na mblianta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá ríméad orm fáilte a chur roimhe mar Uachtarán ar an Oireachtas, eagraíocht a dtug sé tacaíocht chroíúil, fhlaithiúil di i gcónaí. Guím rath agus gach sonas air i mbun na hoifige seo.”
Nuair a bhí na deasghnátha oifigiúla curtha i gcrích chuaigh an tUachtarán nua, ceoltóir go smior, i mbun port, le tionlacan óna chéile, Máire, ball den Choimisiún le Rincí Gaelacha, a iníon Aoileann agus a bheirt mhac, Fiachra agus Cuán, chomh maith le mórchuid na n-aíonna a bhí i láthair.
Ba é searmanas an lae inniu ceann de na chéad imeachtaí i bhféilire leathan ócáidí an Oireachtais in 2019. Tá gach eolas faoin eagraíocht agus faoin bhféilire imeachtaí ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 475 3857 | louise@antoireachtas.ie