I mbliana, ní raibh deis againn Féastaí Sráide a reáchtáil ach fós féin bhí muid ábalta pobail agus comharsana a thabhairt le chéile.
Chuir muid tús le tionscamh nua, An Meitheal Áitiúil, i gcomhpháirt le Féasta Sráide. Táimid ag cabhrú le pobail ar fud an oileáin trí thacaíocht agus seirbhísí a thabhairt do dhaoine atá i mbaol le linn na pandéime COVID-19. Cruthaíodh An Meitheal Áitiúil le cinntiú nár mhothaigh duine ar bith tréigthe in a bpobal féin agus le pobail a láidriú agus a spreagadh.
Is deis í seo ár bpobal a thógáil agus a chinntiú go bhfuil tacaíocht acu agus go bhfuil nasc idir chomharsana á neartú an t-am ar fad. Táimid tar éis gréasán d’oibrithe deonacha agus comharsana a chur le chéile. D’oibrigh siad go crua, sholáthraigh siad bia, leigheas agus breoslaigh do dhaoine agus rinne siad fabhair riachtanacha do dhaoine ina bpobail le linn na pandéime agus tá an obair fós ag dul ar aghaidh!!
Más maith leat do ghrúpa a chlárú linn, téigh i dteagmháil le Bróna Ní Eachaidh ag brona@antoireachtas.ie