Labhair Bainisteoir Imeachtaí & Foilseachán an Oireachtais, Louise Ní Dháibhéid, le Joey Kavanagh ó fhoireann Oíche Chultúir chun an scéal is déanaí maidir le hOíche Chultúir 2020 a fháil uaidh!
1. Céard é Oíche Chultúir?
Ócáid phoiblí bhliantúil uile-oileáin is ea Oíche Chultúir a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, ar chruthaitheacht agus ar na healaíona sa tír seo. Beidh sé ar siúl Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2020.
2. Céard leis a bhfuil sibh ag súil ar Oíche Chultúir 2020?
Beidh Oíche Chultúir 2020 saghas difriúil ó bhlianta eile toisc go mbeidh go leor imeachtaí ag tarlú ar líne seachas in ionaid phoiblí. Tá súil againn, áfach, go mbainfidh lucht eagraithe ócáidí agus an pobal taitneamh as an gclár.
3. Céard iad na dúshláin atá os bhur gcomhar le hOíche Chultúir na bliana seo?
Is iad na dúshláin atá romhainn ná scaradh sóisialta agus an éiginnteacht maidir le cén chaoi a bheidh cúrsaí i mí Mheán Fómhair. Is mór againn, áfach, an dearcadh dearfach atá á léiriú ag lucht eagraithe ócáidí agus lucht leanta Oíche Chultúir.
4. An bhfuil COVID-19 tar éis impleachtaí móra a imirt ar an méid imeachtaí a bheidh á reáchtáil?
Tá, cinnte! Beidh níos lú imeachtaí ar chlár na bliana seo. Mar sin féin, toisc go mbeidh roinnt mhaith imeachtaí ag bogadh ar líne, táimid muiníneach go mbeidh go leor roghanna ann a fhreastalóidh ar chuile aoisghrúpa agus ar sainspéiseanna daoine.
5. Cé chomh tábhachtach is atá imeachtaí Gaeilge do chlár Oíche Chultúir?
Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh imeachtaí Gaeilge mar chuid lárnach den chlár. Tá an Ghaeilge fréamhaithe i gcultúr an oileáin agus is iontach an rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-imeachtaí Gaeilge agus imeachtaí dátheangacha gach bliain. Táimid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge agus d’Ealaín na Gaeltachta as a gcuid oibre ar an gclár Gaeilge a fhorbairt. Tá sé an obair sin iontach luachmhar ar fad.
6. Céard iad na gnéithe ar féidir le daoine a bheith ag súil leo?
Beidh Oíche Chultúir difriúil i mbliana ach molaimid do dhaoine a bheith oscailte don chur chuige agus a bheith linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár saibhreas cultúir. Táimid ag súil go mbeidh deiseanna ann naisc chultúrtha nua a chruthú, fiú agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm.
7. Cén chaoi ar féidir le daoine a bheith rannpháirteach?
Foilseofar an clár ar an 29 Iúil 2020. Molaimid do dhaoine clárú lenár nuachtlitir chun an scéal is déanaí a fháil. Tá roinnt údaráis áitiúla ag lorg tograí ó eagraíochtaí agus/nó ealaíontóirí ar spéis leo a bheith rannpháirteach faoi láthair. Tá gach eolas faoi sin le fáil anseo.
8. Cá mbeidh ócáidí ar siúl?
Beidh roinnt imeachtaí sóisialta ag tarlú i mbailte agus i gcathracha ar fud an oileáin, ach beidh líon mór imeachtaí á reáchtáil ar líne ag culturenight.ie agus ar shuíomhanna eile.
9. An bhfuil aon tograí náisiúnta ag tarlú i mbliana ar féidir le daoine a bheith rannpháirteach iontu?
Tá. Beidh roinnt tionscnamh ann a thabharfaidh cuireadh do dhaoine a bheith cruthaitheach sa bhaile sa tréimhse roimh Oíche Chultúir agus ar an oíche féin. Tá tuilleadh le fógairt faoi sin ag deireadh na míosa...!
10. An gceapann tú go mbeidh Oíche Chultúir athraithe go deo mar gheall ar COVID-19?
Ceapaim go mbeidh. Cé go raibh go leor dúshláin romhainn le cúpla mí anuas, bhí deiseanna foghlamtha agus forbartha ann. Táimid ag iarraidh go léireoidh Oíche Chultúir an luach a thugann an cultúr agus na healaíona dár saol – bíodh sé sin ar líne, as líne nó áit éigin eatarthu.