D’fhógair An tOireachtas inniu (20 Deireadh Fómhair 2020) go mbronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2020 ar Áine Ní Churráin a chur clabhsúr le 40 bliain de sheirbhís dhílis, dhícheallach le RTÉ Raidió na Gaeltachta níos túisce i mbliana. Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.
Bean Ghaeltachta de bhunaidh Ghaoth Dobhair í Áine a thosaigh ag obair mar chlár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair, 1980. Chuir sí clár úr nua i láthair ag an am, Líon Tí, clár a bhí dírithe ar mhná den chuid is mó. Ina dhiaidh sin, chaith sí tréimhsí fada i mbun cúrsaí nuachta sa stáisiún, mar láithreoir agus léiritheoir ar cláir shraithe agus cláir irise. Ba sa bhliain 1996 a thosaigh sí ag láithriú a clár aitheanta féin, Barrscéalta, clár ar oibrigh sí air go dtí go ndeachaigh sí ar scor níos luaithe i mbliana.
“Tréaslaím ó chroí le hÁine Ní Churráin as an ngradam seo a bheith á bhronnadh uirthi i mbliana,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Craoltóir cumasach a raibh sé sa mhianach aici scéal an phobail a insint agus tacú leis an bpobal áitiúil i gcónaí. Bhí an t-ádh linn oibriú le hÁine ag féilte Oireachtais agus ag féilte Pan Cheilteacha thar na mblianta agus tá sé tráthúil, agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á bhronnadh uirthi, gur ag an Oireachtas i nGaoth Dobhair sa bhliain 1980 a rinne Áine a céad agallamh beo – agallamh a rinne sí leis an scríbhneoir aitheanta, Joe Steve Ó Neachtain. Guím gach rath uirthi sa todhchaí.”
“Is onóir mhór dom féin go pearsanta agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo a fháil,” a dúirt Áine Ní Churráin. “Tá cuimhní cinn iontacha agam a bheith ag freastal agus ag craoladh ó na hOireachtais i gcaitheamh mo dhaichead bliain i mbun craoltóireachta. Is páirt thábhachtach do shaol na Gaeilge é an tOireachtas agus tá súil agam ionchur a bheith agam agus freastal ar an Oireachtas sna blianta atá le teacht. Míle buíochas do choiste an Oireachtais as an onóir seo a bhronnadh orm”, a dúirt sí.
Fógrófar Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais uilig ag ócáid ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2020 ag 7.30 p.m.
Tá an gearrliosta iomlán ar fáil anseo agus tá gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.
TUILLEADH EOLAIS:
Louise Ní Dháibhéid | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie