Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Buaiteoirí Leabhair Ghaeilge na Bliana 2020 Fógartha

2020 || Nuacht || An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair 2020) buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2020 – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) agus Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta).

Is ar an Teach Foilsitheoireachta, Futa Fata, a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ le Máire Zepf agus a mhaisigh Shona Shirley Macdonald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac don saothar AR LUCH AGUS AR DHUINE aistriúchán cumasach a rinne Colmcille Ó Monacháin ar an saothar le John Steinbeck, Of Mice and Men.  Is chuig an Teach Foilsitheoireachta, Móinín, a chuaigh Gradam Uí Shúilleabháin don saothar MÁCHAIL le Ré Ó Laighléis. Fógraíodh duaischiste iomlán de €17,000.

“Tréaslaím leis na meithleacha ar fad a tháinig i dteannta a chéile chun na foilseacháin bhreátha atá á gceiliúradh againn inniu a chruthú”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “Tá borradh agus bláthú i dtaca leis an litríocht Ghaeilge le tabhairt faoi deara, ní amháin sa tír seo ach san Eoraip agus níos faide ó bhaile”, a dúirt sé.  “Is ugach dúinn ar fad é nuair a fheicimid saothar Gaeilge á aistriú go teanga eile chomh maith le sár-fhoilseacháin ó theangacha eile a bheith á gcur ar fáil i nGaeilge.  Is léiriú atá ann ar rath agus ar bhríomhaire ár dteanga, ár scríbhneoirí agus ár dTithe Foilsitheoireachta.  Ní mór dúinn anois, go háirithe i bhfianaise na corraíola eacnamaíoch agus na ndúshlán eile atá tarlaithe de bharr na paindéime, a chinntiú go sroichfidh na leabhair seo na margaidh atá ag tnúth leo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí na ngradam agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá beocht agus brí in earnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair agus tá na foilsitheoirí agus scríbhneoirí araon le tréaslú dá bharr. Tá na tithe foilsitheoireachta faoi bhrú i láthair na huaire agus tá súil agam gur ardú meanma agus b’fhéidir ardú díolacháin a bheidh ann dóibh a bheith luaite ar na gearrliostaí i mbliana.”

Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge céim eile sa tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, nuair a cuireadh ocht ngrianghraif nua leis an mbunachar ar Portraidi.ie.  D’fhógair An Dr. Liam Mac Amhlaigh (eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge) liosta scríbhneoirí 2021 ag an ócáid freisin.  Eiseofar portráidí de na scríbhneoirí seo, chomh maith le heolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile faoi mhí Dheireadh Fómhair 2021.

Leanfar leis an gceiliúradh ar Scríbhneoirí na Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna ó 23 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2020, tráth a bhfógrófar Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020.

TUILLEADH EOLAIS:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 00353 87 1005439 | louise@antoireachtas.ie

Torthaí na nGradam Foilsitheoireachta 2020

Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta)
MÁCHAIL
Údar: Ré Ó Laighléis - €2,500
Foilsitheoir: Móinín - €5,000

Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig)
AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ
Údar: Máire Zepf - €1,250
Maisitheoir: Shona Shirley Macdonald - €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000

Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile)
AR LUCH AGUS AR DHUINE
Aistritheoir: Colmcille Ó Monacháin - €500
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €1,500

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2020

  • Áine Durkin: file, cumadóir agus blagadóir
  • Áine Uí Fhoghlú: file agus scríbhneoir don aos óg
  • Declan Collinge: file agus scríbhneoir aistí
  • Gary Hastings: aistritheoir
  • Jackie Mac Donncha: gearrscéalaí, file, agus úrscéalaí
  • Máirín Ní Dhonnchadha: Ollamh le Meán- agus le Sean-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus scríbhneoir acadúil
  • Pádraigín Ní Uallacháin: cumadóir agus scríbhneoir acadúil
  • Seán Ó Coileáin:  Iarollamh le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus scríbhneoir acadúil

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2021 

  • Antain Mac Lochlainn: úrscéalaí, aistritheoir, gearrscéalaí, agus scríbhneoir acadúil
  • Deirdre Ní Ghrianna: gearrscéalaí agus iriseoir
  • Diarmuid de Faoite: drámadóir agus scríbhneoir scripte
  • Laoise Ní Chléirigh: scríbhneoir don aos óg
  • Máire Dinny Wren: file, gearrscéalaí agus drámadóir
  • Mícheál Ó Cuaig: file agus cumadóir
  • Pádraig Ó Riain: Iar-ollamh le Sean-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus scríbhneoir acadúil
  • Ríonach uí Ógáin: Iar-stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, agus scríbhneoir acadúil