D’fhógair An tOireachtas inniu, 31 Eanáir 2020, Clár na gComórtas Liteartha 2020 agus duaischiste de €27,000 thar na comórtais uile. Fiche trí (23) comórtas atá ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, drámaíocht agus eile.
Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Cuirtear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí.
“Tá an-áthas orainn Clár na gComórtas Liteartha 2020 a fhógairt inniu”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Gabhaim buíochas ó chroí leis an 22 pátrún a chuireann urraíocht de €15,000 ar fáil do na comórtais agus d’Fhoras na Gaeilge a thugann bunmhaoiniú dúinn. Ní féidir linn na comórtais liteartha a riaradh gach aon bliain murach an tacaíocht fhlaithiúil a fhaigheann muid ónár bpáirtnéirí éagsúla. Táimid ag súil le réimse leathan saothair a fheiceáil thar na comórtais éagsúla agus pleanáil ar aghaidh le tuilleadh forbairtí a dhéanamh do chlár 2021 i mbliana chomh maith,” a dúirt sé.
Tá an comórtas Úrscéal Ficsean Ginearálta ar ais ar an siollabas i mbliana chomh maith le comórtas úrnua, Aiste Fealsúnachta, atá á urrú ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta. Is féidir d’iarratas a dhéanamh anseo nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2020.
Tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 475 3857 | louise@antoireachtas.ie