Is oth linna rá go bhfuil Féasta Sráide, a bhí le bheith ar siúl ar an Domhnach, 7 Meitheamh 2020, curtha ar athló go dtí níos moille sa bhliain mar gheall ar COVID-19. Is mór an trua ach beidh muid i dteagmháil arís le dáta nua roimh i bhfad.
Tá Féasta Sráide anois ag iarraidh tacaíocht agus comhairle a thabhairt don phobal áitiúil, go háirithe na daoine atá leochaileach nó i mbaol. Ba chóir dúinn a bheith ag cuidiú lena chéile agus is féidir linn sin a dhéanamh agus muid scartha óna chéile.
Má tá aon mholadh, smaoineamh nó aiseolas agat dúinn maidir le Féasta Sráide, cuir scéal chugainn le do thoil.
Bí ag smaoineamh ar imeachtaí gur féidir libh a chur ar siúl nuair a bheidh sé ar siúl arís. Beidh ceiliúradh ollmhór de dhíth nuair a scaoilfear saor muid!
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh uilig as páirt a ghlacadh nó suim a léiriú i bhFéasta Sráide. Tá muid ag súil go mór leis na féastaí amach romhainn.
Tuilleadh Eolais: Bróna Ní Eachaidh | Oifigeach Imeachtaí | brona@antoireachtas.ie