D’fhógair An tOireachtas inniu (3 Meán Fómhair 2020) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020. Aitheantas ar scoth caighdeáin, cáilíochta agus cruthaitheachta in earnáil na cumarsáide Gaeilge is ea na gradaim bhliantúla seo. Dhá chatagóir déag (12), dírithe ar mheáin thraidisiúnta agus ar mheáin ar líne araon, atá i gceist i mbliana. Amhail blianta eile, is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil phoiblí Dé Céadaoin, 9 Meán Fómhair 2020. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt, 20 Deireadh Fómhair 2020.
“Tréaslaím ó chroí le gach duine atá ar ghearrliosta na bliana seo,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Leas-Stiúrthóir an Oireachtais. “Is léir go bhfuil an soláthar atá á dhéanamh ag na meáin Ghaeilge ar chaighdeán chomh saibhir, chomh gairmiúil agus chomh healaíonta leis an ábhar is fearr atá á chur ar fáil i mórtheangacha na cruinne. Is léargas é an gearrliosta seo ar ábhar agus ar dhaoine sna meáin Ghaeilge a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal le bliain anuas agus gabhaimid buíochas leo as muid a thionlacan go croíúil trí éiginnteacht agus trí ghruaim na paindéime, COVID-19, lena soláthar faisnéise agus siamsaíochta.”
Ba ócáid spleodrach cheiliúrtha agus deis ghréasánaíochta do dhaoine in earnáil na meán a bhíodh i gceist le Searmanas Bronnta na nGradam i gcónaí ach, ag cur san áireamh na rialacháin atá i bhfeidhm de dheasca an choróinvíris, beidh cruth eile ar an mbronnadh i mbliana. Cloífear leis an ngnáth-amlíne agus dá bhrí sin fógrófar na buaiteoirí Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2020. Fógrófar socruithe an tsearmanais níos gaire don ócáid.
Tá gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh gréasáin, www.antoireachtas.ie
Féach an gearrliosta iomlán thíos.
TUILLEADH EOLAIS:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie
GEARRLIOSTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2020
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
- Mná na Meán - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Seal le Seán - Raidió Rí-Rá
- Bladhaire - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Meon na mBan - Raidió na Life
- Ceoltóirí faoi Chaibidil - BBC Raidió Uladh
- Adhmhaidin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
- Seán Mac an tSíthigh - TG4 & RTÉ
- Méabh Ní Thuathaláin - Tuairisc.ie
- Cóilín Ó Neachtain - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Sorcha Ní Riada - TG4 & RTÉ
SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
- Ar Ais go Berlin ‘89 - RTÉ
- Saol Trí Ghaeilge - Aniar TV
- Arracht - Macalla Teoranta
- Nazi sa Ghaeltacht - Macha Media
- Uchtú: Evanne Ní Chuilinn - Tyrone Productions
- Croí Briste - Clean Slate TV
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
- Áine Ní Bhreisleáin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Emma Ní Chearúil - Raidió na Life
- Máirtín Tom Sheáinín - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail - BBC Raidió Uladh
- Muireann Nic Amhlaoibh - RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
- Dáithí Ó Sé - Seal le Dáithí, TG4
- Eibhlín Ní Chonghaile - Gaeltacht 2020, TG4
- Eoghan McDermott - Junior Eurovision, TG4
- Caitríona Ní Chualáin - Cúla4 ar Scoil, TG4
- Fiachra Ó Dubhghaill - Cúla4 ar Scoil, TG4
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
- #fansabhaile - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- #MiseFosta - Mise Fosta
- #IsDeontóirMé - Clann Mhic Gabhann
- #SeoÍanGhaeltacht - Na hOifigigh Pleanála Teanga i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta
- #GaeltachtX - Conradh na Gaeilge
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
CLÁR - STÁISIÚN
- Rudaí Mar Sin - Dublin City FM
- Gan Teorainn - Flirt FM
- Aon Scéal? - Phoenix FM
- Gaeilge Bhriste - West Limerick 102FM
- Beannachtaí an Lae - Raidió Phobal Chlár Chlainne Mhuiris
- Ceol & Craic - Dublin City FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
CLÁR - STÁISIÚN
- Muintir na nDéise - WLR FM
- Splanc - Newstalk
- Ruaille Buaille - Highland Radio
- Caint Chiarraí - Raidió Chiarraí
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
- Is Mise - Meangadh Fíbín
- The Irish Houses: Scéal Phobal Bhóthar Seoighe - Clean Slate TV
- An Bhoirinn - Phoenix Films
- 7 Lá - TG4
- Seoda Bhailiúchán na Scol - Aniar TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
- Helen Ní Shé - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Maolra Mac Donnchadha - TG4
- Máirín Ní Ghadhra - TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Brian Tyers - TG4
- Damien Ó Dónaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta
RÉALTA ÓG NA BLIANA
- Máire Bríd Ní Chualáin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Síomha Ní Ruairc - TG4
- Oisín Mistéil - Tua Films
- Na Gael Marys - BBC 2
- Póilín Nic Géidigh - NÓS & RTÉ Raidió na Gaeltachta