D’fhógair An tOireachtas inniu (29 Meitheamh 2020) go bhfuil síneadh ama seachtaine á thabhairt do scríbhneoirí le hiontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí 5.00 p.m. Déardaoin, 9 Iúil 2020. Bronnfar duaischiste iomlán de €27,000 thar na comórtais uile. Fiche trí (23) comórtas atá ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, drámaíocht agus eile.
Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Cuirtear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí.
Is féidir d’iarratas a dhéanamh anseo nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 475 3857 | louise@antoireachtas.ie