Cuireadh tús le gréasán nua ar líne le déanaí, ‘Tógaimis le Gaeilge iad’, atá ag feidhmiú mar spás oscailte do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, in Éirinn nó thar lear. Tugann an gréasán tacaíochta seo deis do thuismitheoirí taithí, comhairle agus acmhainní a roinnt chun cabhrú leo timpeallacht fhabhrach a chruthú chun leanaí a thógáil le Gaeilge.
Aithnítear an ról a imríonn fearann an bhaile i gcothú na teanga agus an suntas a bhaineann leis don seachadadh idirghlúine. Is é cur ar aghaidh na mionteanga ó ghlúin go glúin an fachtóir is tábhachtaí in aon iarrachtaí atreisiúcháin teanga agus tá sé ríthábhachtach mar sin, díriú ar bheartais a thacaíonn leis na hiarrachtaí seo. Is togra thar a bheith fiúntach aon iarracht a dhéantar chun gréasáin a chruthú a thacaíonn le húsáid na Gaeilge sa bhaile agus cur ar aghaidh na teanga chuig an gcéad ghlúin eile.
Tá go leor de phobal na Gaeilge scaipthe óna chéile go tíreolaíoch agus cónaí orthu i dtimpeallacht ina bhfuil an Béarla in uachtar. Chomh maith leis sin, tá go leor Gael ag cónaí thar lear agus teangacha éagsúla á labhairt ina dtimpeallacht féin. Is féidir le gréasáin cosúil le ‘Tógaimis le Gaeilge iad’ feidhmiú mar phobal fíorúil tacaíochta do Ghael ar fud na cruinne chun iarrachtaí an Ghaeilge a choinneáil lárnach i bhfearann an tí a dhéanamh níos éasca. Aithnítear freisin go bhfuil cohórt tuismitheoirí ann a tógadh le Béarla agus a bhain líofacht amach taobh amuigh den bhaile ag beartú a bpáistí féin a thógáil le Gaeilge. Is céim mhór chun tosaigh é seo do phobal na Gaeilge agus cabhraíonn gréasáin a chruthaíonn spás do thuismitheoirí nua atá ag tógáil clainne le Gaeilge leo siúd nach bhfuil taithí acu leis seo.
Tá níos mó ná 300 ball ag Tógaimis le Gaeilge iad ar Facebook agus molaimid do gach tuismitheoir a bhfuil taithí acu ar chlann a thógáil le Gaeilge nó atá ag lorg tacaíochta leis an mbeart tábhachtach seo páirt a ghlacadh sa ghrúpa seo.