Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Agallamh le mac léinn dochtúireachta in Ollscoil Uladh maidir lena thaighde faoin gCaighdeán Oifigiúil

2021 || Nuacht || An tOireachtas

A Jonathan, chuireamar an-spéis i d'ábhar taighde. An ndéanfá cur síos ar an taighde atá ar siúl agat faoi láthair, le do thoil?
Ar dtús báire, gabhaim mo bhuíochas leis an Oireachtas as an deis seo a thabhairt dom agus as an ardán seo a thabhairt don taighde.

Is tionscadal PhD é seo i dtaca le caighdeánú na Gaeilge. Nuair a deirim ‘caighdeánú’, tá mé ag caint ar an phróiseas a théann i bhfeidhm ar chorp na teanga – ar an ghramadach, ar an téarmaíocht nó ar an litriú, mar shampla.

I gcás roinnt mhaith teangacha, is é an rialtas, nó údarás teanga de chineál éigin, a bhíonn i gceannas ar choinbhinsiúin ghramadaí a leasú nó ar na leaganacha oifigiúla den teanga sin a shainaithint.

Ar ndóigh, i gcás na Gaeilge, tá an Caighdeán Oifigiúil againn; cáipéis oifigiúil stáit a fhoilsítear mar threoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge. Sa bhliain 2016 foilsíodh an tríú leagan den Chaighdeán; agus sa taighde seo, tá sé de rún agam tuairimí phobal na Gaeilge a fhiosrú i leith an Chaighdeáin sin.

Ba mhaith liom a fhiosrú cé na barúlacha atá againn faoin chaighdeán agus faoin phróiseas a úsáidtear chun an cháipéis féin a cur le chéile.

Cén fáth gur roghnaigh tú taighde a dhéanamh faoi 
‘Caighdeánú na Gaeilge agus an Caighdeán Oifigiúil’?
Bhuel, ní mór a rá go bhfuil cúpla fáth ann.

Ar dtús báire, chuirfeadh sé iontas ort a laghad sonraí taighde atá ar fáil dúinn faoin dóigh a n-éiríonn nó nach n-éiríonn leis an chaighdeánú teanga – sa Ghaeilge agus i mionteangacha go ginearálta. Mar atá aitheanta ag scoláirí éagsúla, níl mórán sonraí eimpíreacha againn go fóill faoin dóigh a dtéann an pobal féin i ngleic leis an chaighdeánú mar phróiseas.

Tá mise den bharúil go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfar faoina leithéid d’eolas a chur ar fáil. Sa staid reatha, tá gach cinneadh tábhachtach i leith thodhchaí na Gaeilge – bíodh cinntí faoin chaighdeánú teanga san áireamh. Ba mhaith liom eolas a chur ar fáil do lucht deartha an Chaighdeáin, agus don phobal i gcoitinne, le go mbeidh muid uilig feasach faoi thionchar an phróisis chaighdeánaithe agus na gcinntí a dhéanann muid faoin teanga.

Cén sórt modheolaíochtaí taighde a bheidh in úsáid agat chun a taighde a chur i gcrích?
Tá meascán modhanna in úsáid agam chun na sonraí is fónta agus is féidir liom a bhailiú; ach tá dhá mhodh phríomha ann.

Tá ceistneoir ar líne deartha agam agus tá sin anois beo (ag https://forms.gle/nuRHzWQPPKGLgCor6 ). Is féidir é a chomhlánú ar an ríomhaire, ar an ghuthán chliste nó ar an iPad/Táibléad.

Chomh maith leis sin, is féidir le duine cóip PDF nó cóip chrua a iarraidh orm. Níl le déanamh ach ríomhphost a chur chuig mcgibbon-j@ulster.ac.uk agus socróidh mé cóip duit.

Ina theannta sin, beidh mé ag déanamh agallamh le daoine éagsúla sa phobal chun plé cuimsitheach a dhéanamh ar na hábhair seo.

An bhfuil daoine ar leith gur mhaith leat a dtuairimí a fháil?
Tá an chuid seo den taighde, an ceistneoir ar líne, dírithe ar an ghnáthúsáideoir teanga. Mar sin de, tá sé oscailte agus cuirtear fáilte roimh thuairimí ó aon duine i bpobal na Gaeilge.

Tá neart saineolais agus taithí le fáil i measc úsáideoirí na Gaeilge. Tá sé de rún agam sa taighde seo a bheith chomh hionadaíoch agus is féidir liom ar dhaoine ó chúlraí éagsúla – Ultaigh, Muimhnigh, Connachtaigh, Laighnigh, cainteoirí dúchais, foghlaimeoirí; daoine a úsáideann an Ghaeilge go sóisialta agus daoine a úsáideann í go gairmiúil. I mbeagán focal: tá fáilte roimh chách. 

Mar sin féin, dá mbeadh orm achainí ar leith a dhéanamh anseo, d’iarrfainn go háirithe ar chainteoirí dúchais a gcuid tuairimí a roinnt liom sa cheistneoir. Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil meon ann, uaireanta, nach mbaineann an teanga oifigiúil leo. Mar sin, ní mór ardán ar leith a thabhairt don phobal Gaeltachta.

An gceapann tú go mbeidh dearcthaí éagsúla idir chainteoirí Gaeilge an deiscirt & cainteoirí Gaeilge an tuaiscirt?
Is ceist shuimiúil í sin agus beidh le feiceáil. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil dearcthaí agus tuairimí difriúla sa phobal maidir le caighdeánú teanga; agus maidir le roinnt mhaith ábhar eile, ar ndóigh. Ní pobal monailiteach pobal na Gaeilge; tá muid barúlach – ó thuaidh is ó dheas.

Ina dhiaidh sin féin, beidh sé suimiúil anailís a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla déimeagrafacha go bhfeicfidh muid an bhfuil aon phatrún ann maidir le ceantar, nó maidir le haoisghrúpa, nó maidir le cúlra gairmiúil. Tá sin uilig le meas sa taighde, agus tá súil agam go mbeidh sonraí suimiúla le roinnt leis an phobal amach anseo.

An bhfuil tú ag súil le haon torthaí faoi leith?
Bhuel, ar ndóigh, níor mhaith liom tionchar a imirt ar dhuine ar bith sula gcromfadh siad faoin cheistneoir a chomhlánú, ach ní miste cúpla rud a lua.

Tá súil agam go léireoidh an taighde an méid eolais atá ag na rannpháirtithe faoi láthair ar an Chaighdeán Oifigiúil agus ar an phróiseas a úsáidtear lena chur le chéile. Lena chois sin, áfach, tá mé ag iarraidh go léireoidh na torthaí cuid de na moltaí atá ag an phobal féin faoin Chaighdeán agus faoin phróiseas.

Cén uair a bhféadfaidh muid a bheith ag súil le torthaí an taighde a léamh?
Tá rún agam an tionscadal ar fad a chur i gcrích faoi mhí Mheán Fómhair 2022. I ndiaidh dom na riachtanais ollscoile a chomhlíonadh, ba mhaith liom ansin na torthaí a chur ar fáil don phobal ar fad.

Is cosúil go mbeidh sé seo tráthúil go leor mar tá sé reachtaithe anois go hoifigiúil ag an rialtas go ndéanfar athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil gach 7 mbliana. Mar sin de, is dócha go mbeidh próiseas de chineál éigin ag tosú sna blianta atá amach romhainn le leagan úr eile den Chaighdeán a dhearadh. Bainfidh an taighde seo le hábhar.

Aon eolas breise ba mhaith leat a lua?
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach cheana féin sa taighde agus le gach duine a bheidh páirteach i ndiaidh dóibh.

Tá sé tábhachtach go mbeidh guth an phobail le cluinstin sa taighde seo agus tá mé buíoch de gach duine as a gcuid ama a chaitheamh go fial leis an taighde.

Go n-éirí leat leis an taighde, a Jonathan.

Is féidir an ceistneoir a líonadh anseo: https://forms.gle/nuRHzWQPPKGLgCor6