D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé Máirt, 5 Deireadh Fómhair 2021) buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2021 – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig), Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) agus Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta).
Is ar an Teach Foilsitheoireachta, Futa Fata, a bronnadh Gradam Réics Carló ar son an tsaothair, CLUASA CAPAILL AR AN RÍ le Bridget Bhreathnach agus a mhaisigh Shona Shirley Macdonald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Dalen Éireann don saothar TAISCE RAGA RUA aistriúchán ón bhFraincis a rinne Gabriel Rosenstock ar an scéal Le Trésor de Rackham le Rouge le Hergé. Is ar leabhar féinfhoilsithe, AISTEOIRÍ GHAOTH DOBHAIR 1931-1981, le Noel Ó Gallchóir a bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin. Fógraíodh duaischiste iomlán de €17,000.
“Tréaslaím leis na foilsitheoirí, na scríbhneoirí agus na healaíontóirí a chruthaigh na saothair áille, shamhlaíocha a tháinig faoinár mbráid,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. “Bliain de scoth í seo do léitheoirí óga agus lánfhásta araon i bhfianaise na dteideal úrnua ar shárchaighdeán a tháinig ar an margadh. Tá réimse fairsing ábhar agus seánraí i measc na leabhar ar na gearrliostaí chomh maith leis na cinn bhuacacha agus guím gach rath ar na céimeanna eile sa bpróiseas -margaíocht, díolachán agus léamh na leabhar.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí na ngradam, leis na foilsitheoirí, agus ar ndóigh leis na foilsitheoirí, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí uilig a bhí ar na gearrliostaí. Táimid ag súil go mór leis an ócáid seo in 2022 nuair a bheidh cead againn a bheith i gcuideachta a chéile arís. Tá éacht déanta ag ár bhfoilsitheoirí a choinnigh sruth de leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán ag teacht chugainn, agus a thug ábhar léitheoireachta, lón machnaimh agus siamsaíocht do phobal na Gaeilge, idir pháistí agus daoine fásta le linn laethanta dorcha na paindéime. Thar ceann phobal na Gaeilge ba mhaith ár mbuíochas a ghabháil leo agus tréaslú leo as a saothar.
Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge céim eile sa tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, nuair a cuireadh ocht ngrianghraif nua leis an mbunachar ar Portraidi.ie. D’fhógair An Dr. Liam Mac Amhlaigh (eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge) liosta scríbhneoirí 2022 ag an ócáid freisin. Eiseofar portráidí de na scríbhneoirí seo, chomh maith le heolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile faoi níos déanaí sa bhliain.
Leanfar leis an gceiliúradh ar Scríbhneoirí na Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna tráth a bhfógrófar Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais ar Chéadaoin na féile, 27 Deireadh Fómhair 2021.
TUILLEADH EOLAIS:
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas
00353 87 1005439
louise@antoireachtas.ie
Torthaí na nGradam Foilsitheoireachta 2021
Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta)
AISTEOIRÍ GHAOTH DOBHAIR 1931-1981
Údar: Noel Ó Gallchóir €2,500
Féinfhoilsithe €5,000
Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig)
CLUASA CAPAILL AR AN RÍ
Údar: Bridget Bhreathnach €1,250
Maisitheoir: Shona Shirley Macdonald €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata €5,000
Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile)
TAISCE RAGA RUA
Aistritheoir: Gabriel Rosenstock €500
Foilsitheoir: Dalen Éireann €1,500
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2021
- Antain Mac Lochlainn: úrscéalaí, aistritheoir, gearrscéalaí, agus scríbhneoir acadúil
- Deirdre Ní Ghrianna: gearrscéalaí agus iriseoir
- Diarmuid de Faoite: drámadóir agus scríbhneoir scripte
- Laoise Ní Chléirigh: scríbhneoir don aos óg
- Máire Dinny Wren: file, gearrscéalaí agus drámadóir
- Mícheál Ó Cuaig: file agus cumadóir
- Pádraig Ó Riain: Iar-ollamh le Sean-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus scríbhneoir acadúil
- Ríonach uí Ógáin: Iar-stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, agus scríbhneoir acadúil
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2022
- Colette Ní Ghallchóir: file
- Éilis Ní Anluain: úrscéalaí agus beathaisnéisí
- Eoghan Mac Giolla Bhríde: drámadóir, gearrscéalaí, agus scríbhneoir don aos óg
- Isobel Ní Riain: úrscéalaí, criticeoir agus scríbhneoir acadúil
- Muireann Ní Chíobháin: scríbhneoir don aos óg agus scríbhneoir scripte
- Rody Gorman: file agus eagarthóir
- Seán de Fréine: staraí agus díolamóir
- Tadhg Ó hIfearnáin: Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus scríbhneoir acadúil