D’fhógair An tOireachtas inniu (Dé Máirt, 26 Deireadh Fómhair 2021) Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 ag Searmanas Bronnta i dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath. Is é Príomh-Aoire an Rialtais & Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt, Jack Chambers T. D. a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí. Thréaslaigh sé le TG4 ar cheiliúradh 25 bliain an stáisiúin i mbliana agus bhronn sé Gradaim Speisialta ar Cheannasaí TG4, Alan Esslemont, mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach acu i rith na tréimhse.
Is ar an iriseoir, Póilín Ní Chiaráin a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2021. Tá an-aithne agus ardmheas ar Phóilín Ní Chiaráin mar chomhfhreagraí polaitiúil Thuaisceart Éireann ar na meáin chumarsáide chlóite, chraolta agus ar líne le blianta fada. Is é Donncha Ó Murchú, láithreoir de chuid TG4, a fógraíodh mar Réalta Óg na Bliana, an t-aon ghradam amháin a bhronntar ar bhonn vóta poiblí. Tá liosta iomlán de na buaiteoirí ar fáil thíos.
‘Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí ar fad a bhain gradam amach anocht’, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. ‘Tá éacht á dhéanamh ag earnáil na meán cumarsáide Gaeilge sa bhfreastal a dhéanann siad orainn le léiriúcháin bhreátha, scoth na gclár siamsaíochta chomh maith le seirbhís nuachta agus cúrsaí reathaí ar ardchaighdeán. Tréaslaím le gach duine a fuair Gradam Cumarsáide anocht agus guím gach rath ar na craoltóirí, na stáisiúin, na hiriseoirí, na colúnaithe agus na daoine cruthaitheacha eile atá ag obair san earnáil i gcaitheamh na bliana amach romhainn’.
Ba é searmanas na hoíche anocht an chéad mhórócáid d’Oireachtas na Samhna 2021. I measc ócáidí eile a bheidh ar siúl tá Ceolchoirmeacha an Oireachtais a bheidh á chraoladh ar TG4 oíche Dhéardaoin agus oíche Shathairn na féile ag 9.30 p.m. Fógrófar buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021 ar Chéadaoin na Féile agus cloisfear scoth na n-amhrán Gaeilge ag an gCraobhchomórtas Amhrán Úr ar Aoine na Féile. Beidh Siompóisiam Oidhreacht Sheáin Uí Riada agus Ceolchoirm Chomórtha Uí Riada in ómós do Sheán Ó Riada ar Shatharn na Féile. Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.
TUILLEADH EOLAIS: Louise Ní Dháibhéid | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie
BUAITEOIRÍ GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2021
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Bailte, Aniar TV
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Barrscéalta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Peadar Mac Gaoithín, Nuacht RTÉ & TG4
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Samhlú, Meangadh Fíbín
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Dáithí Ó Muirí, BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Máire Bhreathnach, An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Ó Chonamara go Crimea, Raidió Pobail Chonamara
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Splanc le Cuán Ó Flatharta, Newstalk
COLÚNAÍ NA BLIANA
Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#ConamaraLáir, Pleanáil Teanga Conamara Láir
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Donncha Ó Murchú, TG4
BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
Póilín Ní Chiaráin