D’fhógair An tOireachtas inniu (Dé hAoine, 22 Deireadh Fómhair 2021) na hamhráin atá ainmnithe ar an nGearrliosta don Chomórtas Amhrán Úrnua. Tá ocht (8) n-amhrán ar an ngearrliosta don chatagóir aonair agus tá trí (3) amhrán san áireamh don chatagóir do ghrúpaí ceoil.
Bhí an iliomad seánraí agus stíl éagsúla amhránaíochta istigh ar an gcomórtas agus roghnaíodh an gearrliosta de réir na gcritéar seo a leanas: feabhas na liricí, oiriúnacht an cheoil agus cur i láthair an amhráin.
Is iad na daoine ar éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach sa chatagóir aonair ná, Éabha Breathnach (Na Pictiúir ar an mBalla), Aodh Mac Gairbhea (Cad é fá dtaobh da), Dominic Mac Giolla Bhríde (Dhá dtrian catha an misneach), Lauren Ní Chasaide (An rud atá thart), Amy Ní Chléirigh (Ní mhaireann aon rud ach seal), Úna Ní Fhlannagáin (Na Trí Dianghlasáil), Niamh Nic Oistigín (Tada) agus Tuán Ó Baoill (Dúil san airgead).
Is iad Éire Ní Fhaoláin (Rud ar bith), Giulia Nic Eoin (Drochthréimhse) agus Pádraic Seoighe (Chuile Dhuine Lena Scéal Féin) atá gearrliostaithe sa chatagóir do ghrúpaí ceoil. Gabhann duaischiste iomlán de €3500 leis an dá chatagóir.
“Gabhaim buíochas ó chroí le chuile dhuine a chuir peann le pár agus fonn le focail”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. “Amhráin ar shárchaighdeán a bhí istigh ar an gcomórtas agus, dá bhrí sin, tá éacht ar leith déanta acu siúd a chuaigh i bhfeidhm ar na moltóirí. Tréaslaím le gach duine a bhain an gearrliosta amach agus guím gach rath orthu sa chraobhchomórtas an tseachtain seo chugainn.”
Is iad an triúr cheoltóirí agus amhránaithe iomráiteacha Fiachna Ó Braonáin, Mairéad Ní Mhaonaigh agus John Spillane atá ar an bpainéal moltóireachta don chomórtas.
Craolfar an craobhchomórtas ar ardáin ilmheán Molscéal TG4 agus ar shuíomh gréasáin an Oireachtais www.antoireachtas.ie ag 8.00 p.m., Dé hAoine, 29 Deireadh Fómhair 2021, le linn Oireachtas na Samhna.
Tuilleadh Eolais: Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 00353 (0)87-1005439 | louise@antoireachtas.ie