D’fhógair An tOireachtas inniu (1 Meán Fómhair 2021) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021. Léiriú ar na forbairtí uaillmhianacha atá tarlaithe in earnáil na cumarsáide Gaeilge agus ar scoth-chaighdeán, ar nuálaíocht agus ar chruthaitheacht is ea na gradaim bhliantúla seo. Tugtar aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le bliain anuas.
“Rinne na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach aon leibhéal cion thar na bearta le spiorad agus meanma an náisiúin a ardú le bliain anuas agus muid ag déileáil le dúshláin nua agus athruithe móra inár saol”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. “Thug siad eolas agus sólás dúinn ag tráthanna éagsúla chomh maith le deis éalaithe ón saol nuair a bhí sé sin de dhíth orainn. Tréaslaím ó chroí le gach duine atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo”.
Trí chatagóir déag (13) atá ar chlár na ngradam i mbliana. Is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vóta poiblí Dé Céadaoin, 8 Meán Fómhair 2021.
Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Céadaoin, 20 Deireadh Fómhair 2021. Fógrófar buaiteoirí na nGradam Cumarsáide ag ócáid ar líne le linn Oireachtas na Samhna Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021.
Tá gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile Oireachtais le fáil ar an suíomh gréasáin, www.antoireachtas.ie
Féach an gearrliosta iomlán thíos.
TUILLEADH EOLAIS:
Louise Ní Dháibhéid | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie
Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021
COLÚNAÍ NA BLIANA
- Gráinne McElwain - Seachtain, Irish Independent
- Éanna Ó Caollaí - The Irish Times
- Máire Ní Fhinneadha - Tuairisc.ie
- Gráinne Ní Ghilín - Andersonstown News
- Ciarán Ó Pronntaigh - Meon Eile
- Máirín Ní Ghadhra - Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
- Blas Ón Taobhlíne - BBC Gaeilge ar BBC Uladh
- Tús Áite - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Sin Ráite - Raidió Fáilte
- Blas - BBC Gaeilge ar BBC Uladh
- Barrscéalta - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Fios Feasa - Raidió na Life
IRISEOIR NA BLIANA
- Eoin Ó Cathain - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Irene Ní Nualláin - Nuacht TG4
- Peadar Mac Gaoithín - Nuacht TG4
- Shane Ó Curraighín - 7 Lá ar TG4 & Nuacht TG4
- Seán Ó Baoill - An Focal Scoir & Meon Eile
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
- Rian na gCos - Imagine Media
- Samhlú - Meangadh Fíbín
- Uimhir 6 - New Departures Media
- Croí na Ceiste le Caoimhe - Waddell Media
- Martin McGuinness - LIGID Léiriúchán
- Plean Bee - Dearcán Media
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
- Barbara Nic Dhonnacha - Q102
- Carthach Bán Breathnach - Raidió na Life & RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Niamh Ní Chróinín - Raidió Rí-Rá, RTÉ Ráidio na Gaeltachta & Spin 1038
- Colm Feiritéar - Highland Radio
- Jo Ní Chéide - RTÉ Ráidio na Gaeltachta
- Daithí Ó Muirí - BBC Raidió Uladh
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
- Máire Bhreathnach - An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh
- Sinéad Ní Uallacháin - Peig & Réalta ‘s Gaolta
- John Toal - Croí Uladh
- Marie Bheag Breathnach - Ros na Rún
- Eimear Ní Chonaola - Nuacht TG4
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
- #SeoÍanGhaeltacht - Na hOifigigh Pleanála Teanga
- #SeasanFód - An Dream Dearg
- #ConamaraLáir - Pleanáil Teanga, Conamara Láir
- #GaeltachtX - Conradh na Gaeilge
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
- Rogha Bhríde - Flirt FM
- Aon Scéal? - Phoenix FM
- Ó Chonamara go Crimea - Raidió Pobail Chonamara
- Gaeilge Bhriste - West Limerick 102FM
- Beannachtaí an Lae - Raidió Phobal Chlár Chlainne Mhuiris
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
- Splanc le Cuán Ó Flatharta - Newstalk
- An Blas BeaG - Q102
- Pop Raidió - Spin1038 & Spin SouthWest
SRATIH TEILIFÍSE NA BLIANA
- An Focal Scoir - Below the Radar TV
- Bailte - Aniar TV
- Saolta 's Gaolta - Triplevision Productions
- Croí Uladh - Big Mountain Productions
- Turas Clainne - Aniar TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
- Áine Ní Bhreisleáin - RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1
- Dara Ó Cinnéide - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Muireann Nic Amhlaoibh - RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
- Tristan Rosenstock - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Michelle Nic Grianna - RTÉ Raidió na Gaeltachta
RÉALTA ÓG NA BLIANA
- Donncha Ó Murchú - TG4
- Hugh Mac Giolla Chearra - BLOC TG4
- Sinéad Ní Scolaí- Raidió RíRá & Raidió na Life
- Máirtín Seoighe - NÓS, BLOC TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Maud Keane - BLOC TG4 & Raidió Rí Rá