D’fhógair Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad agus An tOireachtas, inniu (20 Bealtaine 2021) go bhfuil comhpháirtíocht straitéiseach úrnua bunaithe acu chun taibhealaíona agus traidisiúin bhéil na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn. Is cuid lárnach í an chomhpháirtíocht seo d’fhorbairtí nua sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta atá á gcur chun cinn ag Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag leibhéal iarchéime.
Labhair an tOllamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona in Ollscoil Mhá Nuad, Tríona Ní Shíocháin faoin bhforbairt: “Tá an-lúcháir orainn an chomhpháirtíocht nua seo a bheith ar bun le hOireachtas na Gaeilge, atá ar cheann de na heagrais ealaíon is mó agus is tábhachtaí in Éirinn. Tá saineolas ag an Oireachtas ar gach gné de chultúr na n-ealaíon Gaeilge agus an riarachán a bhaineann leo; ar fhorbairt físe chun iad a chur chun cinn; agus chun pobal uile na Gaeilge a nascadh le chéile, a spreagadh agus a chothú. Gheobhaidh na mic léinn a thabharfaidh faoin gcúrsa seo taithí phraiticiúil an-luachmhar agus anuas air sin, beidh an deis acu páirt ghníomhach a ghlacadh sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid den taighde agus mar chuid de na modúil nua a chuirfear ar fáil.”
Dúirt an tOllamh Fionntán de Brún, Ceann Scoil an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Mhá Nuad: ‘Is geall le ball beatha de chuid na Gaeilge é Oireachtas na Gaeilge, féile bheo chomhaimseartha ina mbíonn na mílte rannpháirteach agus a bhfuil traidisiún fada saibhir ar a cúl. Is cúis bhróid againn in Ollscoil Mhá Nuad an chomhpháirtíocht nua seo a thabharfaidh deis do mhic léinn na Máistreachta na healaíona dúchais a shaothrú agus a shaibhriú.’
Dúirt Leas-Stiúrthóir an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha: “Céim cheannródaíoch chun cinn do na taibhealaíona is ea an sruth nua san MA Nua-Ghaeilge, Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge, atá bunaithe ag Ollscoil Mhá Nuad. Fáiltímid roimh an ardú stádais a thabharfaidh sé do na taibhealaíona teangabhunaithe, ach go háirithe, agus roimh na deiseanna luachmhara a bheidh ar fáil do phobail cleachtais na dtaibhealaíon dá bharr. Is uchtach agus ardú meanman don Oireachtas a bheith rannpháirteach sna forbairtí atá á stiúradh ag an Ollamh Tríona Ní Shíocháin agus ag an Ollamh Fionntán de Brún.”
EOLAS:
Teideal an Chúrsa: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge (MA Nua-Ghaeilge)
Seisiún Eolais ar Zoom: Déardaoin, 27 Bealtaine 2021, ag 7.00 p.m.
Ní mór clárú roimh ré.
Ríomhphost: nua.ghaeilge@mu.ie