D’fhógair Bord Stiúrtha an Oireachtais inniu (13 Bealtaine 2022) go bhfuil Máirín Nic Dhonnchadha ceaptha ina Ceannasaí úr ar An tOireachtas.
Is as Béal an Daingin i nGaeltacht Chonamara do Mháirín. Thosaigh sí ag obair mar Riarthóir leis an Oireachtas sa bhliain 2000 nó gur ceapadh í ina Leas-Stiúrthóir/Oifigeach Polasaí & Straitéise nuair a ceapadh An tOireachtas mar Cheanneagraíocht sa mhór-réimse ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’ sa bhliain 2014. Tá sí ag feidhmiú mar cheannasaí eatramhach, leis an teideal Stiúrthóir Gníomhach, le bliain anuas. Chinntigh sí leanúnachas sa chlár oibre ag tráth cinniúnach don eagraíocht agus an éiginnteacht a bhain le tréimhse na paindéime.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le Máirín as a ceapachán úr mar Cheannasaí”, a dúirt Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach Bhord Stiúrtha an Oireachtais. “Tá tréimhse dhúshlánach amach roimh an Oireachtas agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil an cur chuige, an paisean agus na hinniúlachtaí ag Máirín atá riachtanach chun an ról seo a chomhlíonadh go muiníneach, go fuinniúil agus go ceannródaíoch. Gabhaim buíochas léi as obair agus foireann na heagraíochta a stiúradh le bliain anuas. Thar ceann Bhord Stiúrtha an Oireachtais, guím gach rath uirthi sna blianta atá le teacht”.
Bhí ról lárnach ag Máirín le hos cionn scór bliain i gcur chun cinn gach uile ghné d’obair an Oireachtais agus ghlac sí ról suntasach sa phróiseas as a bhfuair An tOireachtas stádas ceanneagraíochta sa bhliain 2014. Chuir sí go samhlaíoch agus go cruthaitheach le réimse gníomhaíochtaí agus gnó na heagraíochta, ina measc, forbairt agus cothú na gcomórtas taibhealaíona ag Oireachtas na Samhna; ceangal a bhuanú, a fhorbairt agus a threisiú le féilte Ceilteacha eile; comhpháirtíocht straitéiseach úrnua a bhunú le hOllscoil Mhá Nuad chun na taibhealaíona agus traidisiúin bhéil na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn.
Cuirfear tús lena tréimhse oifigiúil mar Cheannasaí Dé Máirt, 17 Bealtaine 2022, tráth a mbeidh An tOireachtas ag comóradh 125 bliain a bhunaithe. Beidh ócáidí comórtha in Óstán Gresham, Baile Átha Cliath an tráthnóna sin, cothrom an lae ó bhí an chéad Oireachtas ann, chun an ócáid stairiúil a chomóradh.
Tá gach eolas faoin eagraíocht agus faoin bhféilire imeachtaí ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais:
Louise Ní Dháibhéid
louise@antoireachtas.ie
+353 (0)87 100 5439