D’fhógair an Chomhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach inniu (Dé Máirt, 30 Bealtaine 2023) go mbeidh an 50ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach á reáchtáil i mbaile Cheatharlach um Cháisc an bhliain seo chugainn, 2 - 6 Aibreán 2024. Is é an phríomhsprioc na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Ceiltigh, a bunaíodh sna luath seachtóidí, ná oidhreacht, teanga, cultúr, ceol agus amhránaíocht i measc na dtíortha ceilteacha (Éire, Alba, Cymru, Mannin, Kernow agus Breizh) a chur chun cinn agus a neartú le linn an fhéile bhliantúil chomh maith le turasóireacht, trádáil, tráchtáil Idir-Cheilteach a spreagadh agus gréasánaíocht Idir-Cheilteach a éascú agus a fhorbairt.
“Tá baile álainn, bríomhar Ceatharlach ar cheann de na bailte is ansa linn don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar go leor cúiseanna”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, “an fháilte chroíúil a fhaigheann muid ó mhuintir an bhaile, an pobal fuinniúil ealaíne, ionaid & áiseanna lóistín den scoth ach go háirithe. Chomh maith leis sin, tá láithreacht nádúrtha fíorspeisialta don Ghaeilge arna chothú ag an naíonra, gaelscoil agus gaelcholáiste áitiúil agus an clár imeachtaí trí Ghaeilge a reáchtáltar le linn na bliana.”
"Roghnaíodh Ceatharlach mar óstbhaile don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach den chéad uair sa bhliain 2012 mar gheall ar an oiread suime atá ag daoine i nGaeilge ar an mbaile," a dúirt Bríde de Róiste, Coiste Áitiúil Pan Cheilteach. "Ó shin i leith, chuir an pobal ar fad fearadh na fáilte roimh an bhféile faoi chúig, agus rinneadh céiliúradh ar an nGaeilge, ar an gcultúr agus ar gach rud ceilteach. Is féile ar leith í Pan Cheilteach agus d'éirigh leis an bhféile a bhuíochas le cuid mhór daoine a thug a gcuid scileanna, a gcuid eolais, agus a gcuid ama di go fial fláithiúil."
Is léiriú é clár na féile ar ealaíon, ar chultúr agus ar theangacha na náisiún Ceilteacha go léir. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl lena n-áirítear ceolchoirmeacha, comórtais taibhealaíona, ceardlanna, seisiúin, taispeántais, clubanna na féile, Paráid na Féile agus go leor imeachtaí imeallacha eile. Ar ndóigh, eagrófar roinnt Imeachtaí Comórtha 50 Bliain mar chuid d’fhéile 2024.
Coinnigh súil ar an suíomh idirlíon, www.panceltic.ie, chun an nuacht is déanaí a fháil faoin bhféile.