Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2023. Ag filleadh den ochtú bliain déag, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair 2023.
Beidh fáilte ag An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa, Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht: Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán. Is é 12.00 p.m. (meán lae), Dé hAoine, 16 Meitheamh 2023, an spriocdháta d’iarratais.
Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir. Cuimsíonn an pacáiste tacaíochta na nithe seo a leanas: deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.
“Lionsa ar leith is ea Oíche Chultúir a bhíonn ar fáil dúinn chun ealaíona na Gaeilge agus cultúr na nGael a bheith feicthe i measc ealaíona agus cultúir eile a chónaíonn ar an oileán seo", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Deis atá ann ildánacht agus ilchineálacht ealaíne agus cultúir a aithint agus a cheiliúradh, chomh-mheas a léiriú agus comhthuiscint a dhreasú. Fáiltímid anois roimh iarratais ar mhaoiniú d'ócáidí trí Ghaeilge a chuideoidh linn an deis sin a thapú."
Is féidir an fhoirm iarratais agus gach eolas eile a fháil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais: Síle Mhic Dhonnacha | sile@antoireachtas.ie | +353 (0) 87 9463405