Tá ócáid fíorspeisialta nua á eagrú d’Oireachtas na Samhna 2023 a bheidh ag díriú go sonrach ar thraidisiún na rincí seit i gceantair Ghaeltachta. Beidh sé ar siúl Déardaoin na féile, 2 Samhain 2023 ag tosú ag 9.00 p.m. in Óstán Gleneagle Chill Airne. Is í an tOllamh Tríona Ní Shíocháin agus an taibhealaíontóir, Siobhán Ní Mhuimhneacháin, a bheidh ag stiúradh na hócáide.
Oíche cheiliúrtha a bheidh in ‘Timpeall an Tí’ ina dtabharfar deis do rinceoirí áitiúla ó cheantair Ghaeltachta taispeántas a dhéanamh den seit áitiúil agus den stíl áitiúil a bhaineann go speisialta lena gceantar féin ag Oireachtas na Samhna. Tabharfar cuireadh do rinceoirí ceoltóir áitiúil a thabhairt leo chomh maith chun léiriú a thabhairt ar an stíl shainiúil áitiúil atá ag a bpobal féin, idir cheol agus rince, i dteannta a chéile. Ní amháin go mbeidh deis ag daoine na rinceoirí seit Gaeltachta is fearr sa tír a fheiceáil i mbun a gceirde agus ceol aoibhinn áitiúil an rince a chloisteáil ag an ócáid, ach beidh deis ag daoine figiúirí ó na seiteanna Gaeltachta a fhoghlaim ó na sár-rinceoirí Gaeltachta seo chomh maith. Beidh na ceoltóirí iomráiteacha Bobby Gardiner & Breanndán Ó Beaglaoich inár dteannta le ceol beo a chur ar fáil don ócáid chomh maith.
Leagfar béim go speisialta ar chleachtais dhúchasacha áitiúla agus ar stíleanna áitiúla agus indibhidiúla na rinceoirí seit sna pobail Ghaeltachta, chun an saibhreas stíle agus rince ina measc a cheiliúradh agus a bhuanú. Tabharfar ómós go speisialta chomh maith do stíleanna rince an phobail nach bhfeicfí i gcomhthéacs comórtais de ghnáth, ach go bhfuil luach thar na bearta ag baint leo go cultúrtha. Déanfar na seiteanna áitiúla Gaeltachta a chuirtear i láthair ar an oíche a thaifeadadh do Chartlann an Oireachtais chomh maith.
Fáiltítear roimh sheiteanna nó leath-sheiteanna áitiúla ó cheantair Ghaeltachta uile na hÉireann, agus fáiltítear chomh maith roimh rincí beirte nó foirne a bhaineann go dlúth le traidisiúin dúchais Ghaeltachtaí ar leith. Iarrfar ar gach grúpa a chuireann seit/leath-sheit/rince beirte/foirne chun cinn ceannaire a ainmniú a bheadh sásta figiúr nó dhó a theagasc don slua a bheidh i láthair ar an oíche chomh maith.
Beidh seisiún eolais á eagrú ag Tríona Ní Shíocháin agus ag Siobhán Ní Mhuimhneacháin thar Zoom go luath, agus iarrtar ar rinceoirí a bhfuil spéis acu a bheith rannpháirteach in ócáid seiteanna, ‘Timpeall an Tí’ ag Oireachtas na Samhna 2023 é sin a chur in iúl dúinn trí theachtaireacht a sheoladh chuig seiteanna@antoireachtas.ie roimh Dé hAoine, 28 Iúil 2023.
Tuilleadh Eolais:
Síle Mhic Dhonnacha I +353 87 9463405 I seiteanna@antoireachtas.ie