Beidh an Dr Gearóid Denvir ag dul i mbun a chéad chúram ina cháil mar Uachtarán an Oireachtais 2023 an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal, Corn Chiaráin Uí Chon Cheanainn, in Ollscoil na Gaillimhe, Dé Sathairn, 11 Márta 2023.
Chaith an Dr Denvir seal cheana ina Uachtarán ar an Oireachtas i rith bhlianta na paindéime ach, ó tharla nár tháinig pobal na Gaeilge le chéile ag féile Oireachtais le linn na tréimhse sin, thug Bord Stiúrtha an Oireachtais cuireadh dó an ról onórach seo a ghlacadh arís in 2023.
“Fáiltímid le fonn roimh cheapachán an Dr Denvir mar Uachtarán ar an Oireachtas in 2023”, a dúirt Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha. “Tá sáreolas aige ar an Oireachtas, ó théagar a chuid taighde, ó thoirt a chuid léinn agus ó chroíúlacht a pháirteachais i gníomhaíochtaí Oireachtais le fada an lá. Is mór go deo againn é a bheith ar ais linn arís d’Oireachtas na Samhna 2023,” a dúirt sí.
Dúirt an Dr Gearóid Denvir: “Pribhléid iontach dom a bheith ar ais i m’Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge agus muid scaoilte saor ón bpaindéim. Tá mé ag súil go mór leis an bhféile féin agus le cuairt a thabhairt ar phobail Ghaelacha agus Ghaeltachta na tíre.”
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Ghearóid Denvir ach tá cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Tá baint nach beag aige leis an Oireachtas ó d’fhreastail sé ar a chéad fhéile in 1967 agus rinne sé moltóireacht ar chomórtais éagsúla liteartha agus taibhealaíon de chuid an Oireachtais thar na mblianta. Rinne sé eagarthóireacht ar fhoilseachán de chuid an Oireachtais, Oidhreacht Sheáin Uí Riada, saothar a bhí bunaithe ar chainteanna a déanadh ag siompóisiam cuimhneacháin ar an Riadach in 2021, 50 bliain tar éis a bháis. In 2022, nuair a bhí an tOireachtas ag comóradh 125 bliain a bhunaithe is é an Dr Denvir a thug ceann de na príomhléachtaí comórtha, An tOireachtas & Nuascríbhneoireacht na Gaeilge.
Freastalóidh an Dr Denvir ar a chéad ócáid oifigiúil mar Uachtarán an Oireachtais 2023 an deireadh seachtaine seo tráth a mbeidh Corn Uí Chon Cheanainn ar siúl in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. (Eolas faoin gcomórtas ar fáil ag cornuicc23@gmail.com agus ar an leathanach Facebook, Corn Uí Chon Cheanainn).
TUILLEADH EOLAIS: Síle Mhic Dhonnacha, An tOireachtas | sile@antoireachtas.ie | 087-9463405