Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Béal Feirste fógartha mar Óstbhaile d’Oireachtas na Samhna 2025

2024 || Nuacht || An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu (6 Márta 2024) go raibh Béal Feirste roghnaithe mar Óstbhaile do Phríomhfhéile Náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, in 2025.  Rinneadh an cinneadh ar bhonn iarratais ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste  agus cruinnithe le hionadaithe ón gComhairle chomh maith le dreamanna ábhartha eile, ina measc, lucht ionad, cultúir, teanga agus ealaíon chomh maith le heagraíochtaí fáilteachais. Féile ealaíne agus pobail a chuimsíonn comórtais taibhealaíne do dhaoine óga agus do dhaoine fásta mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsa, spóirt agus dioscúrsa is ea féile an Oireachtais agus beidh na príomhimeachtaí ar siúl i lár na cathrach, lonnaithe cuid mór sa lárionad comhdhála idirnáisiúnta, an ICC, agus in Óstán Europa.

“Tá an-áthas orm go mbeidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i gcathair Bhéal Feirste”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, “agus tá mé ag tnúth go mór le bheith ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le féile den scoth a bheith againn cois Lagáin.  Tá fíorscoth na n-áiseanna sa chathair agus rogha iontach lóistín chomh maith le pobal atá fial, fáilteach agus comhoibritheach.  Aithnímid díograis agus dúthracht na Comhairle ina tiomantas d’óstáil Oireachtas na Samhna 2025.”

“Tá pobal bríomhar Gaeilge i mBéal Feirste, agus ba thábhachtach a ról lárnach inár gcultúr agus inár n-oidhreacht shaibhir maidir leis an fhéile mhór seo a mhealladh chun na cathrach,” arsa an Comhairleoir Ryan Murphy, Ard-Mhéara Bhéal Feirste.  “Mar chomhairle, tá muid tiomanta don cheiliúradh a dhéanamh ar thábhacht chultúrtha teangacha i bpobail, lena n-áirítear an Ghaeilge, agus béim a leagan ar an tábhacht atá lena chinntiú go ndéanfar teangacha a úsáid, a chothú don am i láthair agus don aimsir atá amach romhainn. Beidh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste mar bhuanoidhreacht ag glúin Gaeilgeoirí óga, agus beidh sé mar ardán le léiriú a dhéanamh ar an iomad sochar a thagann le ceiliúradh na teanga – beogacht, foghlaim agus cairdeas a chothú. Is deis iontach chomh maith í féile den mhéid agus den chineál seo a mhealladh óir léireofar ár gcathair agus a buanna – agus tabharfaidh sí, mar fhéile, tacaíocht dár lucht miondíola agus fáilteachais agus dár dtionscnóirí turais, rud a léireoidh an méid a thig linn a chur ar fáil do thurasóirí agus iad a spreagadh teacht ar ais go minic chugainn.”

Tá spás buan, seasta, ag Oireachtas na Samhna i bhféilire na nGael, ag tosú tar éis an Luain dheiridh de mhí Dheireadh Fómhair gach bliain agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach dár gcionn.  Is iad dátaí na féile a bheidh i gcathair Bhéal Feirste ná 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025.

Tá gach eolas ar na hardáin ilmheán agus ar shuíomh gréasáin an Oireachtais maidir le himeachtaí agus tionscadail uile na heagraíochta.  Lean www.antoireachtas.ie chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Tuilleadh Eolais: Máirín Nic Dhonnchadha, An tOireachtas | mairin@antoireachtas.ie | +353(0)87 223 2094