D’fhógair An tOireachtas inniu (8 Deireadh Fómhair 2024) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024. Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé Céadaoin, 9 Deireadh Fómhair 2024. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2024.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
“Is pribhléid ar leith é spotsolas bliantúil a lonrú ar na héachtaí atá á mbaint amach ag na daoine cumasacha, ceannródaíocha, paiseanta atá ag saothrú in earnáil na cumarsáide Gaeilge”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tá an earnáil ag fás go tréan agus ag síor-shárú na n-iarrachtaí atá le sonrú i measc na meán go ginearálta, ní amháin sa tír seo ach go hidirnáisiúnta freisin. Ní tharlódh a leithéid gan paisean, díograis agus uaillmhian na ndaoine ag gach aon leibhéal atá ag tiomáint na bhforbairtí agus ag cothú glún óg, stuama, cruthaitheacha, le teacht ina ndiaidh. Tréaslaím leo siúd uile atá ar Ghearrliosta 2024 agus muid ag ceiliúradh 25 bliain de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana.”
Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 30 Deireadh Fómhair 2024 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie.
Tá an gearrliosta iomlán ar fáil thíos.
TUILLEADH EOLAIS: Caitríona Ní Chonaill | caitriona@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
- M’Ainm Mo Scéal - Ronin Films
- Siar Linn - Macalla Teoranta
- Peataí - Big Mountain Productions
- Uisce Uisce - Paper Owl Films
- Is Mise - Meangadh Fibín
COLÚNAÍ NA BLIANA
- Maitiú Ó Coimín - Tuairisc.ie
- Kathryn Ní Mhaoláin - NÓS
- Ciarán Dunbar - Seachtain, Irish Independent
- Éanna Ó Caollaí - Irish Times
- Siún Ní Dhuinn - RTÉ Gaeilge
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
- Ómós Áite le hAilbhe Ní Ghearbhuigh - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- BLAS- BBC Raidió Uladh
- An tSeachtain le Máirín Ni Ghadhra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Saol na mBan - BBC Raidió Uladh
- Eachtraigh Dom - RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
- Caoimhe Ní Laighin - Nuacht RTÉ & TG4
- Gráinne Ní Aodha - PA Media
- Sinéad Ní Neachtain - Nuacht RTÉ & TG4
- Pádraic Ó Ciardha - Tuairisc.ie
- Cuán Ó Seireadáin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
CLÁR TEILIFÍSE/SCANNÁN NA BLIANA
- Hothouse Flowers: Stick Around and Laugh a While - RTÉ Cláracha Gaeilge
- Viva Mary - Rúnda Productions
- Kneecap - Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard
- Séamus Begley: An Rógaire Duibhneach - Aniar TV
- 100 Bliain de Thithíocht in Éirinn - Midas Productions
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
- Emma Ní Chearúil - RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió RíRá
- Rossa Ó Sioradáin - Raidió na Life
- Caoimhe Ní Chathail - BBC Raidió Uladh / BBC Raidió Feabhail
- Seán Ó Dubhchon - Ráidió Rí-Rá
- Micheál Ó Tuathail - RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
- Síomha Ní Ruairc
- Fiona Ní Fhlaithearta
- Doireann Ní Ghlacáin
- Aoife Ní Thuairisg
- Caoimhe Ní Chathail
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
- Aiteall - Raidio Pobail Chonamara
- Aon Scéal - 92.5 PhoenixFM
- Ceol agus Craic - 103.2 Dublin City FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
- Ruaille Buaille - Highland Radio
- Clár Sa Charr - South East Radio
- Splanc - Newstalk
- The Magic of An Ríocht - Raidió Chiarraí
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
- Ag Triall ar an Tobar - Midas Productions
- Iniúchadh TG4 - Clean Slate TV
- Kayak ó Thuaidh - Macha Media
- Aistear an Amhráin - RTÉ Cláracha Gaeilge
- Meitheal Mara Corca Dhuibhne - Aniar TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
- Donncha Ó Murchú - TG4
- Michelle Nic Grianna - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Séamus Ó Scanláin - RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
- Garry Mac Donncha - RTÉ Gaeilge
RÉALTA ÓG NA BLIANA
- Laura Pakenham - TG4 Foghlaim
- Conor Ó Gallchóir - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Aisling Ní Dhonnabháin - Raidió Rí-Rá
- Darragh Ó Caoimh - TG4
- Storm Eaton-Kilgallen - Raidió Fáilte / BBC Raidió Uladh
- Cliodhna Ní Mhianáin - RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ