Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2024, Pádraig Mac Fhearghusa, ag searmanas speisialta in Óstán Carlton, Baile Átha Cliath, inniu (Dé hAoine, 23 Feabhra 2024). Chuir an file aitheanta tús lena théarma oifige tráthnóna inniu nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin air. De bhunadh Chorcaigh é Mac Fhearghusa ach tá formhór a shaol caite aige i dTrá Lí, Co. Chiarraí, áit a bhfuil sé ag gníomhú i gcónaí ar son chearta teanga agus ar son an oideachais lánGhaeilge. Fear ildánach, a bhfuil an iliomad saothar filíochta agus próis tagtha óna pheann, bhí sé ina eagarthóir ar an iris liteartha mhíosúil, Feasta (1996-2019), agus ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (2008-2011). Is de thoradh a shaothair a bunadh Scoil Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978 agus Gaelcholáiste Chiarraí ina dhiaidh sin.
“Is laoch é Pádraig Mac Fhearghusa i measc Gael”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, “ní amháin ar son na bhfeachtas misniúil a throid sé ar shon chearta daltaí scoile oideachas trí Ghaeilge a fháil ó thús a gcuid scolaíochta ach freisin ar son na tacaíochta a thugann sé do scríbhneoirí óga agus iad ag tosú amach i mbun ceirde. Is beag údar atá ag scríobh i nGaeilge inniu nach raibh tionchar aige orthu agus focal misnithe, chomh maith le tacaíocht phraiticiúil, á thabhairt aige dóibh. Is crann taca de chuid an Oireachtais agus de chuid Chonradh na Gaeilge é le fada an lá agus is onóir dúinn é a bheith ag dul i mbun oifige mar Uachtarán an Oireachtais 2024.”
I mBéal Átha Fhínín in Iarthar Chorcaí a saolaíodh Pádraig Mac Fhearghusa, áit a raibh a athair ina Gharda Síochána, ach ba ó Ghleann Beithe i gCiarraí dá mháthair agus ón nGarastún i bhFear Manach dá athair. Cháiligh sé ina mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i 1967, agus bhain sé céim amach sa Ghaeilge, sa Stair agus sa bhFealsúnacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé Ard-Dioplóma Oideachais i gColáiste na Tríonóide i 1971, agus tar éis tréimhsí ag múineadh bunscoile i mBaile Átha Cliath agus i mBaile an Easpaig, Corcaigh, chaith sé ceithre bliana déag ag múineadh Staire agus Gaeilge i Meánscoil an Leitriúigh, Clochán-Bréanainn, Ciarraí.
Bhí Pádraig Mac Fhearghusa ina Chathaoirleach ar Choiste Áitiúil an Oireachtais i dTrá Lí i 1982, an chéad uair don fhéile a bheith i gCiarraí ó bhí Oireachtas Mór Chill Airne ar siúl i 1918. Bhí sé lárnach sa dá Oireachtais eile a bhí i dTrá Lí ina dhiaidh sin, i 1998 agus in 2003. Chaith sé tréimhse ina Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais agus bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ina dhiaidh sin (2008-2011). Faoi láthair is é atá ina Chathaoirleach ar Choiste Contae Chiarraí́ agus ar Chraobh Thrá Lí de Chonradh na Gaeilge.
Tá saothrú suaithinseach déanta aige ar an bhfilíocht ó d’fhoilsigh An Clóchomhar a chéad leabhar, Faoi Léigear, i 1980 agus tá príomhdhuais filíochta an Oireachtais buaite faoi thrí aige. Tá cúig leabhar filíochta le Pádraig foilsithe ag Coiscéim, agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR saothar filíochta leis anuraidh dar teideal Iarmhairt. I measc a chuid foilseachán eile, tá Conradh na Gaeilge i gCiarraí agus leabhar ar phríomhchoincheapa Freud agus Jung, dar teideal Tóraíocht an Mhíshonais. Tá sé ag gabháil do shraith dánta le tacaíocht dámhachtana ón gComhairle Ealaíon i láthair na huaire.
I dTrá Lí atá cónaí air féin agus a bhean chéile, Áine, iar-leabharlannaí, as Baile Héil, Co. Chill Chainnigh, agus tá triúr clainne acu, Aoife, Bréanainn agus Damhnait, cúigear gar pháistí, Uamhan, Caithnia, Éabha, Oran & Cillian.
Is é ócáid an lae inniu an chéad ócáid oifigiúil i bhFéilire Imeachtaí an Oireachtais in 2024. Coinnigh súil ar na hardáin ilmheán agus ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le gníomhaíochtaí uile na heagraíochta.
Tuilleadh Eolais: Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas | louise@antoireachtas.ie | +353(0)871005439